Beidh toghcháin áitiúla, Pharlaimint na hEorpa agus mhéara Luimnigh ar siúl Dé hAoine, 7 Meitheamh
Tá orduithe déanta ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien ag ainmniú Dé hAoine, an 7 Meitheamh mar lá na vótála do thoghcháin áitiúla, Pharlaimint na hEorpa agus mhéara Luimnigh.
Cé go raibh an dáta fógartha ag an rialtas roimhe seo, is é síniú na n-orduithe tús oifigiúil an fheachtais.
Beidh an vótáil ar siúl ar fud na tíre idir 7rn agus 10in agus cuirfear tús le sórtáil agus comhaireamh na vótaí ag 9rn an lá dár gcionn.
Tar éis na horduithe a shíniú, eiseofar fógraí poiblí sna laethanta amach romhainn ina ndeimhneofar na hamanna a nglacfar le hainmniúcháin do gach ceann de na toghcháin agus na ceanglais iarratais dóibh siúd atá ag iarraidh a bheith ina n-iarrthóirí.
Tá soiléiriú tugtha ag an Aire O'Brien freisin ar an tréimhse ama inar féidir le hiarrthóirí póstaeir toghcháin a chur suas in áiteanna poiblí.
Is féidir póstaeir a chur suas ón 8 Bealtaine, 30 lá roimh dháta na vótaíochta, agus tá sé de cheangal ar iarrthóirí gach póstaer a bhaint as laistigh de seacht lá ón vótaíocht (14 Meitheamh).
Táthar ag cur in iúl do bhaill den phobal le bheith i dteideal vóta a chaitheamh, nach mór dóibh a bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine ar an lá vótaíochta nó roimhe sin agus a bheith ina ghnáthchónaí sa toghcheantar inar mian leo vótáil.
Ní mór iad a áireamh ar Chlár na dToghthóirí freisin.
Spreagtar gach duine seiceáil go bhfuil a gcuid sonraí cruinn agus suas chun dáta ag checktheregister.ie.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.