Search

05 Dec 2025

Comhaltaí boird nua ceaptha ar RTÉ agus TG4 tar éis do Siún Ní Raghallaigh éirí as

Ceapadh Noreen O’Kelly agus Shirley Bradshaw ar Bhord RTÉ, agus tá Muireann Ní Chíobháin agus Éamonn Ó hÁrgáin ceapaithe ar Bhord TG4

Comhaltaí boird nua ceaptha ar RTÉ agus TG4 tar éis do Siún Ní Raghallaigh éirí as

Siún Ní Raghallaigh

Dheimhnigh Catherine Martin, TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Céadaoin seo, 20 Márta, 2024, ceapachán chomhaltaí nua ar Bhoird RTÉ agus TG4.

Agus í ag deimhniú na gceapachán, dúirt and tAire Martin: “Ag cruinniú an Rialtais inniu, ceadaíodh ceapachán beirt comhaltaí nua ar Bhord RTÉ agus beirt ar Bhord TG4. Thar ceann an Rialtais, ba mhaith liom gach rath a ghuí ar an gceathrar comhaltaí nua agus iad ag tabhairt faoin ról tábhachtach seo le tacú le craoltóireacht seirbhíse poiblí in Éirinn.”

Ceapadh Noreen O’Kelly agus Shirley Bradshaw ar Bhord RTÉ, agus is iad Muireann Ní Chíobháin agus Éamonn Ó hÁrgáin atá ceapaithe ar Bhord TG4.

Maidir leis na ceapacháin ar Bhord RTÉ, dúirt an tAire Martin: “Lena cúlra sa chuntasóireacht agus san airgeadas, tá taithí leathan ag Noreen i rólanna feidhmeannacha agus neamhfheidmeannacha, san earnáil phríomháideach agus san earnáil phoiblí agus beidh seo chun leasa an Bhoird. Beidh Shirley, a thosaigh le RTÉ in 1994, sa ról tabhachtach mar ionadaí an mheitheal oibre ar an mBord.”

Ag déanamh tagairt do na ceapacháin ar Bhord TG4, dúirt an tAire: “Tá taithí leathan ag Muireann agus Éamonn beirth a chuirfidh le Bord TG4 agus iad ag tabhairt aghaidh ní hamháin ar ardchaighdeán ábhair a sholáthar don lucht féachana, ach freisin ar a ról i gcur chun cinn na Gaeilge mar theanga laethúil i measc an phobail.”

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.