Search

06 Sep 2025

Maoiniú agus pleananna fógartha do Ghaeltacht Mhaigh Eo

Plean Teanga Mhaigh Eo Thiar agus Plean Gnímh Thuar Mhic Éadaigh seolta ag an Aire Stáit Patrick O’Donovan inniu

Maoiniú agus pleananna fógartha do Ghaeltacht Mhaigh Eo

Patrick O’Donovan TD, Aire Stáit na Gaeltachta

Sheol Patrick O’Donovan TD, Aire Stáit na Gaeltachta, Plean Teanga do Limistéar Pleanála Teanga Mhaigh Eo Thiar go hoifigiúil inniu, agus é ar cuairt i nGaeltacht Mhaigh Eo.

Mar aon leis seo, thug an tAire Stáit cuairt ar Chumann Lúthchleas Gael Thuar Mhic Eadaigh, áit ar ceadaíodh €218,000 anuraidh do CLG Thuar Mhic Éadaigh le cur ar a gcumas páirc astro nua a thógáil in aice le Páirc Naomh Muire ar an mbaile; agus sheol sé Plean Gnímh Thuar Mhic Éadaigh chomh maith. 

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire O’Donovan: Ba mhaith liom tréaslú le Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla (CFÁA) - Ceanneagraíocht an Limistéar Pleanála Teanga agus le gach duine a bhí bainteach leis an bplean teanga a chur le chéile do cheantar Mhaigh Eo Thiar. Ach an oiread leis na pleananna ar fad atá á bhfeidhmiú cheana féin, tabharfar deiseanna faoi phlean teanga Mhaigh Eo Thiar do phobal an cheantair seo a bheith lárnach san iarracht bhreise is gá a dhéanamh chun go rachaidh an Ghaeilge ar aghaidh go slán, sábháilte chuig na glúine atá le teacht. 

“Freisin, ba mhian liom comhghairdeas a dhéanamh le pobal Thuar Mhic Éadaigh, idir Choiste Stiúrtha Thuar Mhic Éadaigh, Coiste Cultúr Teanga agus Forbartha Thuar Mhic Éadaigh agus an Cumann Lúthchleas Gael áitiúil, as an dea-nuacht seo don cheantar. Rud an-speisialta faoin bPlean Gnímh seo go raibh inchur láidir ó réimse leathan páirtithe leasmhara pobail i gcur le chéile an phlean, idir óg agus aosta; agus is cinnte go mbeidh áis iontach le tabhairt anois don phobal sa pháirc astro nua seo.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.