D’aithin an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, gur éirí Siún Ní Raghallaigh as post Chathaoirleach Bhord RTÉ.
Dúirt an tAire: “Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Siún Ní Raghallaigh as a seirbhís mar Chathaoirleach Bhord RTÉ tráth a raibh géarchéim ag an gcraoltóir náisiúnta nach bhfacthas riamh roimhe. Tá méid an-suntasach curtha aici leis an bpróiseas athchóirithe agus claochlaithe atá ag tarlú san eagraíocht; agus caithfear a díograis agus a tiomantas i leith craolacháin seirbhíse poiblí a aithint.”
Lean sí ar aghaidh: “Ag an am an-tábhachtach seo do RTÉ, tá sé riachtanach go leanann muid ar aghaidh leis an bpróiseas tábhachtach maidir le muinín san eagraíocht a athchothú. Mar a dúirt Siún Ní Raghallaigh, tá géarghá ann leanúint ar aghaidh leis an bpróiseas claochlaithe agus múnla maoinithe inbhuanaithe a chur i bhfeidhm – tá mé an-tiomanta dó seo.”
“Guím gach rath ar Shiún sa todhchaí.”
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.