Search

06 Sep 2025

Scéal Éireannach a insé i Caillte san Úcráin ar TG4

Fuair an tUasal Cafferkey bás in ionsaí moirtéir de chuid na Rúise, in éineacht le beirt trodaithe eachtrannacha eile, an t-iarMhuirshaighdiúir de chuid na Stát Aontaithe, Cooper Andrews (26) as Ohio agus ainrialaí de chuid na Rúise Dmitriy Petrov

Scéal Éireannach a insé i Caillte san Úcráin ar TG4

Finbar Cafferkey

Agus dhá bhliain caite ó cuireadh tús le hionradh na Rúise ar an Úcráin, craolfaidh TG4 Caillte san Úcráin Dé Céadaoin, Feabhra 28 ag 9:30pm ina ndéanfar cur síos ar Finbar Cafferkey, arbh as Acaill dó ó dhúchas, a maraíodh ag troid ar son na hÚcráine.  

Is é an t-iriseoir iniúchta Kevin Magee a chuirfidh an clár faisnéise cúrsaí reatha i láthair. Thaistil sé chuig an Úcráin atá scriosta ag an gcogadh chun eolais faoi na cúinsí a bhain le bás an Uasail Cafferkey, 45 bliain d’aois, a maraíodh nuair a bhí sé ag déanamh iarracht líne ríthábhachtach sholáthair a chosaint sa chath do Bakhmut ar an 19 Aibreán anuraidh.  

Déantar iniúchadh sa chlár ar na cúiseanna a bhain lena chinneadh liostáil san aonad troda san Úcráin agus léirítear an tionchar a bhí ag a bhás ar a theaghlach in Acaill.   

Ba é Finbar Cafferkey an duine ba shine i gcúigear clainne agus d’fhás sé aníos sa Chaiseal ar an taobh thoir d’Acaill. Tá a thuismitheoirí Tom agus Celine, a dheirfiúracha Méadhbh agus Orla agus a dheartháir Colm páirteach sa chlár faisnéise.  

Fuair an tUasal Cafferkey bás in ionsaí moirtéir de chuid na Rúise, in éineacht le beirt trodaithe eachtrannacha eile, an t-iarMhuirshaighdiúir de chuid na Stát Aontaithe, Cooper Andrews (26) as Ohio agus ainrialaí de chuid na Rúise Dmitriy Petrov.  Throid an tUasal Cafferkey agus an tUasal Petrov roimhe seo leis an YPG, mílíste Coirdíneach den eite chlé a throid in aghaidh an Stáit Ioslamaigh i dtuaisceart na Siria. 

Thaistil Kevin Magee go Lviv san Úcráin agus d’éirigh leis teacht ar iarshaighdiúir deonach mná a thraenáil in éineacht leis an Uasal Cafferkey agus a bhí le páirt a ghlacadh sa mhisean mí-ámharach céanna. Cuireadh saighdiúirí de chuid na hÚcráine faoi agallamh don chlár faisnéise agus insíonn siad dúinn faoi na deacrachtaí a bhí acu agus iad ar dualgas i réigiún Bakhmut, an áit ar maraíodh an tUasal Cafferkey.

Níl mórán misnigh ann go dtabharfar corp Finbar Cafferkey abhaile.  Tuairiscíodh roimhe seo gur thángthas ar a chorp ar láthair an chatha agus go rabhthas ag fanacht ar an gcorp a aithint go cinnte ach tar éis fiosruithe a rinneadh sa chlár, tá an tUasal Cafferkey anois athaicmithe go hoifigiúil go dtí duine atá “ar iarraidh i gcomhrac” agus níl a chorp aimsithe acu. 

D’inis saighdiúir de chuid na hÚcráine do TG4, a gortaíodh le linn dó a bheith ag troid faoi na deacaireachtaí atá ann teacht ar choirp shaighdiúirí de chuid na hÚcráine a maraíodh ar láthair an chatha, áit ar maraíodh Finbar Cafferkey. 

“Tá sé beagnach dodhéanta é sin a dhéanamh agus tharla sé fiú go raibh comhaontú againn, mar a thugtar air, idir trúpaí na Rúise agus ár bhfoireann leithdháilte chun dul isteach agus na coirp a fháil ach scaoileadh urchar leo láithreach,” a dúirt Andrii, 39, a bhí ag fónamh le haonad na bhfórsaí speisialta ar líne tosaigh na hÚcráine in aice le Bakhmut.

Dúirt sé “Ní tharlaíonn sé ach i bhfíor-chorrchás go dtagann ceannasaithe na n-aonad ón dá thaobh ar chomhaontú agus go mbítear ábalta teacht ar na coirp ach go ginearálta, tá sé an-deacair.”  

Dúirt Andrii, a dhiúltaigh a shloinne a thabhairt ar chúiseanna slándála, go bhfuil an áit a ndeachaigh an tUasal Cafferkey ar iarraidh in aice le Bakhmut anois faoi rialú fhórsaí na Rúise.

“Bíonn cúrsaí an-deacair i gcónaí i réigiún Bakhmut mar go bhfuil i bhfad níos mó airm troma, drón, airtléire agus trúpaí ag an namhaid agus mar sin bíonn sé an-dian orainn a bheith ag troid ansin. Nuair a bhíonn tú ag troid ansin, tarlaíonn ionsaithe agus ionsaithe sliogán gan stad,”  a dúirt sé.

Níor ghlac ambasadóir na hÚcráine chun na hÉireann, Laryso Gerasko, a bhí ag labhairt ar an gclár, le tuairiscí roimhe seo gur thángthas ar chorp an Uasail Cafferkey mar go rabhthas ag fanacht lena chorp a aithint i marbhlann. 

“Tá roinnt eolais agam ón Aire Cosanta. Níor aithníodh a chorp go fóill agus tá sé fós ar iarraidh i gcomhrac. Ar an drochuair, níl níos mó eolais ná sin agam. Táimid i dteagmháil leis na húdaráis chun a chorp a aimsiú agus a aithint ach níl ag éirí linn ar an drochuair. Ní hamháin go bhfuil sé de dhualgas orainn coirp na n-eachtrannach a aimsiú, tá sé dhualgas orainn coirp na nÚcránach a aimsiú freisin, rud atá fíordheacair i gcogadh atá thar a bheith brúidiúil,” a dúirt Laryso Gerasko Uasal.

Craolfar an clár faisnéise ‘Caillte san Úcráin’ ó sraith cúrsaí reatha TG4 a bhfuil duaiseanna buaite aige, Iniúchadh TG4, Dé Céadaoin, Feabhra 28 ag 9:30pm agus ar TG4.ie. 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.