Search

06 Sep 2025

Dealbh d’Iolar Órga a nochtú sna Dúchoraibh i mí Mhárta

Tá Cumann Forbartha na Dúchoradh, ag obair go dian dícheallach leis an cheantar nádúrtha a fhorbairt do mhuintir an tsráidbhaile agus do thurasóirí araon agus déanann siad stocaireacht le ceantair, ar nós Gaoth Beara, a chosaint ó fhorbairt ilnáisiúnta

Dealbh d’Iolar Órga a nochtú sna Dúchoraibh i mí Mhárta

Nochtfar dealbh d’Iolar Órga a chruthaigh an tealaíontóir John Gillespie árbh as Dún na nGall do i mí Mhárta. 

Cuirfidh Cumann Forbartha na Dúchoradh, Bailte Slachtmhara na Dúchoradh, in airde an dealbh ar an tSathairn, Márta 2 ag 4 a' chlog. Beidh fáiltiú gairid ina dhiaidh agus beidh deis ann bualadh leis John Gillespie sa Corkscrew Bar, Dúchoraidh.

Tá an dealbh maoinithe ag Tionscnamh Turasóireachta Chomhairle Contae Dhún na nGall. Cuirfear in airde é ag ponte féachana agus picnice an Corkscrew thar Shráidbhaile na Dúchoradh.

Tugann an dealbh ómós do na hiarrachtaí a rinneadh an t-iolar órga a thabhairt arais arís chuig na Dúchoradh i 2001, arna stiúradh ag Iontaobhas an Iolair Órga, i gcomhar le Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha. Mar gheall ar a n-iarrachtaí feictear péirí de na hIolair Órga anois i Sléibhte Dhoire Bheatha, sna Cruacha Gorma, i Leithinis Ghleann Cholm Cille agus Inis Eoghain.

Mhothaigh Cumann Forbartha na Dúchoradh, gur cheart a gcuid iarrachtaí a aithint, chomh maith leis an tábhacht a bhaineann le gnáthóga nádúrtha an fhiadhúlra áitiúil a chosaint agus a chaomhnú. Léiríonn an t-iolar órga agus an t-iolar mara éiceachórais ársa an cheantair, a bhfuil cáil orthu as a n-áilleacht nádúrtha.

Tá Cumann Forbartha na Dúchoradh, ag obair go dian dícheallach leis an cheantar nádúrtha a fhorbairt do mhuintir an tsráidbhaile agus do thurasóirí araon agus déanann siad stocaireacht le ceantair, ar nós Gaoth Beara, a chosaint ó fhorbairt ilnáisiúnta.

Is é an t-iolar órga an dara héan creiche is mó in Éirinn, agus é beagnach dhá oiread chomh mór leis an Chlamán. De ghnáth bíonn dath dúdhonn orthu nuair a fheictear iad i bhfad ar shiúl le linn eitilte. Fuaireas tacaíocht ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Comhairleoir Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig, The Corkscrew Bar, agus Signworx atáthar an bhuíoch ar a son.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.