Search

06 Sep 2025

Paróiste Naomh Bhríd ag Ceiliúradh 50 bliain ar an bhfód

Agus Eaglais Naomh Bríd, Ard an Chairn ag tabhairt faoin gcéad chaibidil eile dá aistear, tá sé tiomanta i gcónaí a bheith ina comhartha solais agus dóchais, ag léiriú luachanna tráthúla an chreidimh, an phobail agus na seirbhíse a shainigh a oidhreacht le 50 bliain anuas.

Paróiste Naomh Bhríd ag Ceiliúradh 50 bliain ar an bhfód

Ard na Carn, Cathair Dhoire, Éire - Tá Eaglais Naomh Bríd in Ard na Carn ag súil go mór le ceiliúradh a dhéanamh ar 50 bliain ó bunaíodh é, ócáid shuntasach i stair an pharóiste. 

Neadaithe laistigh de thírdhreacha shuaimhneacha Ard na Carn, tá Naomh Bríd ina comhartha creidimh agus pobail ó bunaíodh é, i 1974.

Tá athrú ar leith tagtha ar an bparóiste le dhá scór go leith, rinneadh bunscoil agus meánscoil a bhunadh ann agus d'oscail an tSiúr Áine Ó Dochartaigh ionad paróiste.

Rinneadh an chéad aifreann a cheiliúradh ar an 22 Nollaig, 1974 sa 'bhothán adhmaid' mar a tugadh air. Is cuimhin le m'athair féin a bheith ina bhuachaill altóra.

Dúirt an tAthair Ó Domhnaill, sagart cúnta Pharóiste na dTrí Phátrún, a bhfuil cónaí air i Ard na Carn, gur ócáid álainn bhí agus nár bheag an t-éacht é i saol an lae inniu. 

Tá an comóradh ag tarlú ag an am chéanna le  ceiliúradh 1,500 bliain Naomh Bríd.  

Tá ómós tugtha ag an bparóiste dá hoidhreacht trí imeachtaí éagsúla, ina measc Aifreann faoi cheannas an Easpaig Dónal Mac Eoin, a léirigh an méid a rinne sí leis an gcreideamh agus spreag sé an pobal chun aithris a dhéanamh ar a dhea-sampla.

Ó tugadh isteach Oifig grá Dé le linn ama an tAthair Séamus Ó Conaill, go ndéana an Rí a mhaith air (le súil go n-athbhunófar é don phobal) agus cuireadh béim faoi leith ar an cheol le léithidí Eibhlín Mac Fhionnghaile  - tá an séipéal fós i láthair go diongbháilte i saol a cuid ball.

Agus an paróiste ag ceiliúradh na hócáide, thug an tAthair Ó Domhnaill teachtaireacht dóchais agus machnaimh do mhuintir an pharóiste agus don phobal i gcoitinne. 

I láthair na huaire, tá pobal Naomh Bríd, Ard an Carn, ag iarraidh a rannpháirtíocht leis an bpobal a dhoimhniú, spiorad seirbhíse a chothú tré thionscnaimh ar nós oícheanta ceardaíochta, tionscadail maoirseachta comhshaoil, agus turais oideachais a reachtáil. Tá sé mar aidhm ag an bparóiste creideamh agus naisc chultúrtha a chothú i measc a chuid ball.

Agus Eaglais Naomh Bríd, Ard an Chairn ag tabhairt faoin gcéad chaibidil eile dá aistear, tá sé tiomanta i gcónaí a bheith ina comhartha solais agus dóchais, ag léiriú luachanna tráthúla an chreidimh, an phobail agus na seirbhíse a shainigh a oidhreacht le 50 bliain anuas.

Más mian leat teagmháil a dhéanamh le Míċeál-Piaras seol ríomhphost chuig: moceallaigh01@stmarys-belfast.ac.uk.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.