Tosaíonn an tsraith Saolta ’s Gaolta ina roinneann deartháireacha, deirfiúracha, fir chéile, mná céile, tuismitheoirí, páistí agus cairde saoil na scéalta is mó a chuaigh i bhfeidhm orthu le chéile ar an Luan, Feabhra ag 10in.
Beidh daoine ag tabhairt cur síos ar ábhair ó chéad lá scoile s’acu, go dtí an chéad phóg agus an chéad chéilí agus a mianta saoil.
Tá an tsraith trí chuid seo, léirithe ag Triplevision Productions do BBC Gaeilge le maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann, agus beidh sé ar siúl ar BBC Two Northern Ireland agus ar BBC iPlayer.
Beidh Seán agus Griain, athair ’s iníon, Maighread agus Máire, deirfiúracha, Séimí agus Colm, deartháireacha, Brian agus Eimhear, céillí, agus Tara agus Bríd, aintín ’s neacht ag caint agus ag plé ar an chlár.
Tugann dlúthchairde Ruairí agus Lauren agus lánúin phósta Josie agus Dónall léargas ionraic neamhbhalbh ar a saolta chomh maith.
I ngach eagrán, cuireann grianghraif theaghlaigh agus scannáin chartlainne beocht sna scéalta seo, rud a chruthaíonn sraith aoibhinn chroíúil faoi dhea-chraic an tsaoil.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.