Tá sraith imeachtaí eagraithe ag Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe mar chuid de Sheachtain an Toilithe. Cuirfear tús le na himeachtaí ar Feabhra 6.
Tá na himeachtaí seo, a reáchtáil i gcomhpháirtíocht le Active* Consent. Beifear ag plé na
mór cheisteanna a bhaineann le sláinte agus folláine ghnéis i measc na mac léinn.
Beidh ceardlanna agus clinicí tástála ar siúl, chomh maith le Biongó na mBréagán Gnéis ar son carthanachta. Níl ticéid ar bith fágtha don bhiongó de bharr an ráchairt a bhí ar.
Faoi thrácht ag Ceardlann Active* Consent, beidh an dlúthchaidreamh digiteach, atá ina ghnáthchuid de chaidrimh na laethanta seo. Tabharfar an t-eolas agus na scileanna do mhic léinn le go mbeidh siad in ann plé le dlúthchaidreamh digiteach ar bhealach comhthoiliúil, agus leagfar béim freisin ar na dúshláin a chruthaítear le dlúthchaidreamh digiteach.
Eagrófar oiliúint sa nochtadh i gcomhar le hIonad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú chomh maith agus gheobhaidh na rannpháirtithe na scileanna agus an t-eolas a bheas ag teastáil uathu le plé a dhéanamh go cuí le cur síos a dhéanamh ar fhoréigin ghnéasaigh.
Dúirt Izzy Tiernan, Leasuachtarán de chuid an Chomhaltais/an tOifigeach Leasa agus Comhionannais: “Tá ceardlanna agus imeachtaí den scoth eagraithe againn le haghaidh Seachtain na Toilithe. Comhaontú frithpháirteach is ea an toiliú, a chaithfear a thabhairt go leanúnach toilteanach – sin croítheachtaireacht chlár toilithe Active* Consent Ollscoil na Gaillimhe.”
Dúirt Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn, Dean Kenny: “Tá súil againn go spreagfaidh imeachtaí Seachtain an Toilithe ár gcuid mac léinn chun dearcadh freagrach a ghlacadh maidir le sláinte ghnéis agus caidrimh shláintiúla. Tá neart le déanamh fós againn in Éirinn le fáil réidh leis an ‘gcosc’ atá ar labhairt faoin ngnéas. Ba mhaith linn go mbeadh eolas ag ár gcuid mac léinn ar a gcearta gnéis.”
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.