Search

06 Sep 2025

Joseph Mac Aoidh ó Ghaoth Dobhair ina láithreoir nua ar Nuacht Cúla4

D’fhreastail sé ar Scoil Adhamhnáin Naofa agus ar mheánscoil Phobalscoil Ghaoth Dobhair sula ndeachaigh sé go hOllscoil na Banríona, Béal Feirste, áit ar bhain sé céim amach sa dlí

Joseph Mac Aoidh ó Ghaoth Dobhair ina láithreoir nua ar Nuacht Cúla4

Joseph Mac Aoidh

Beidh láithreoir úr Joseph Mac Aoidh, 23, ó Ghaoth Dobhair le feiceáil ar Nuacht Cúla4 ón lá inniu ar aghaidh. Craoltar Nuacht Cúla4, feasachán nuachta sé nóiméad ar fhad atá dírithe ar pháistí ón Mháirt go Aoine ag 1:30pm agus arís ag 5:30pm ar chainéal Cúla4.

D’fhreastail sé ar Scoil Adhamhnáin Naofa agus ar mheánscoil Phobalscoil Ghaoth Dobhair sula ndeachaigh sé go hOllscoil na Banríona, Béal Feirste, áit ar bhain sé céim amach sa dlí. Tá an-suim aige i gcúrsaí nuachta agus polaitíochta. Chaith sé sé mhí le RTÉ ar scéim taithí oibre anuraidh ag obair le Nuacht TG4 i mBaile na hAbhann agus le RTÉ Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga.

Tá croi Joseph sáite i gcursaí spóirt agus imríonn sé sacar le Ceiltigh Ghaoth Dobhair agus peil ghaelach le GLG Ghaoth Dobhair. Baineann sé sult as bheith amuigh ag rith nó ag siúl ar na tránna galánta atá thart ar a cheantar dúchais agus as bheith ag léamh faoi chúrsaí staire agus polaitíochta. Tá sé an-tógtha leis an gceol traidisiúnta fosta.

Beidh Joseph i dteannta an láithreora agus iriseora Seán Ó Maoilchiaráin ar Nuacht Cúla4. Is as Áth an Choite, Contae Luimnigh do Sheán. D’fhreastail sé ar Scoil Náisiúnta Lios na Graí agus ar Choláiste Chaladh an Treoigh. Ghnóthaigh sé bunchéim sa Ghaeilge agus sa Stair ó Ollscoil Luimnigh. Tá céim mháistreachta i gCleachtas Gairmiúil sna Meáin idir láimhe aige faoi láthair. Cé nach í an Ghaeilge a theanga dúchais, tá an-mheas agus spéis aige inti mar aon leis an spórt, rugbaí go háirithe, ceol agus bia.

Tá Nuacht Cúla4 á léiriú ag Fíbín Media do TG4. Is féidir le scoileanna féachaint ar Nuacht Cúla4 beo sa seomra ranga chun an nuacht is déanaí a fháil, nó ar líne ar Sheinnteoir Cúla4 ag cula4.com.

Sheol an tAire Catherine Martin an cainéal Gaeilge, Cúla4, atá tiomnaithe do pháistí i mí Mheán Fómhair seo caite agus craoltar é ar feadh 14 uair sa lá ón 6am gach maidin go dtí 8pm gach tráthnóna. 

Tá Cúla4 ar fáil ar Saorview - Cainéal 18, Cainéal 602 ar Virgin Media, Sky 624 agus Eir agus tá sé ar fáil ar líne freisin trí Cúla4 agus ar Sheinnteoir Cúla4 ag cula4.com agus ar an Aip Cúla4.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.