Search

06 Sep 2025

Rúin na bPortach a chraoladh ar BBC amach anseo

Tugann an tsraith úr seo cuairt ar phortaigh agus móinteáin fud fad na hÉireann agus an domhain, ag fiosrú an ról atá acu in éiceachóras na cruinne agus mar a mhúnlaigh a n-áilleacht fhiáin uathúil ár gcultúr agus féiniúlacht

Rúin na bPortach a chraoladh ar BBC amach anseo

Láithreoir Cormac Ó hÁdhmaill

Beidh Rúin na bPortach ag toiseacht ar BBC Two Northern Ireland ar an 21ú de mhi Eanáir. De réir taighde a rinné lucht déanta an chláir, tá níos mó carbóin sna portaigh ná mar atá i bhforaoisí an domhain uilig, cé nach gclúdaíonn siad ach trí faoin gcéad den phláinéad.
Tugann an tsraith úr seo cuairt ar phortaigh agus móinteáin fud fad na hÉireann agus an domhain, ag fiosrú an ról atá acu in éiceachóras na cruinne agus mar a mhúnlaigh a n-áilleacht fhiáin uathúil ár gcultúr agus féiniúlacht.
Craolfar céad eagrán na sraithe ar an Domhnach 21 Eanáir ag 10in ar BBC Two Northern Ireland
agus ar an BBC iPlayer. Below the Radar TV a léirigh Rúin na bPortach do BBC Gaeilge agus TG4 le
tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann.
Tugann an láithreoir Cormac Ó hÁdhmaill ar aistear muid ó thailte portaigh álainn na tíre chuig
móinteáin bóireacha Cheanada, ag fiosrú na bealaí ina bhfuil na hathruithe ar thionscal na móna ag
dul i bhfeidhm ar an saol mór.
Dúirt Cormac: “Fiú murar chaith an mhórchuid againn laethanta samhraidh amuigh ar na bachtaí, tá
boladh na móna agus gach rud a bhaineann leis an mhóin sáite go smior ionainn mar Éireannaigh.
Ach níor thuig mise ariamh tábhacht na bportach mar is ceart, go ndeachaigh mé ag obair ar an
tsraith seo. I measc go leor eile, d’amharc mé ar iarsmaí d’fhir óga a ndearnadh íobairtí dóibh i bportaigh, labhair mé le heolaithe faoi eolaíocht agus nósanna na bportach, agus thuig mé an tábhacht agus an géarghá atá le móinteáin a chaomhnú ar bhonn domhanda.”
In san chéad eagrán insíonn Matthijs Schouten faoina chuairt go hÉirinn sna 1970í, gníomh a spreag a
fheachtas chun bogaigh na hÉireann a tharrtháil. Castar an file Annemarie Ní Churreáin ar Chormaic, file a thógann inspioráid ón tírdhreach ag Cró Nimhe Dhún na nGall.

Tugann Cormac cuairt ar an Fhionlainn áit a gcasann sé le daoine a chreideann gur foinse in-athnuaite ó cheart í an mhóin. Is iomaí sin sraith den stair atá caomhnaithe ag an mhóin agus sa dara clár den tsraith labhraíonn Eamonn Ned Kelly linn ag Ard-Mhúsaem na hÉireann faoi na hiarsmaí daonna iontacha atá caomhnaithe inár bportaigh agus faoi na leideanna a thugann siad faoin saol mar a bhí.
Castar leis an Ollamh Helen Sheridan atá i mbun staidéir, i gcomhar lena foireann, ar na buanna
leighis atá sna plandaí éagsúla atá le fáil sna portaigh, plandaí atá in úsáid mar leigheas leis na
glúnta.
Sa chlár deireanach labhairtear le saineolaithe faoi athshlánú na bportach, ina measc taighdeoirí in Éirinn atá ag baint úsáid as léarscáileanna ón 19ú haois chun teacht ar limistéir de thalamh portaigh a d’fhéadfaí a athshlánú ina bportach beo gníomhach.
I gCeanada, déanann an Dr Line Rochefort, saineolaí domhanda ar athshlánú portaigh, cur síos ar na
modhanna atá aici sfagnam a athchur. Léiritear an bealach a gcuireann tailte móna sláintiúla stop le scaipeadh tinte a d’fhéadfadh an-dochar a dhéanamh chomh maith.
Is comhléiriúchán de chuid Below The Radar TV, Mac TV agus Idéacom International é Rúin na
bPortach, comhléiriúchán a rinneadh idir an Ríocht Aontaithe agus Ceanada do BBC Northern
Ireland, TG4, BBC Alba, Radio-Canada agus RTBF. Beidh leagan Béarla den chlár, ‘Secrets In The
Peat’ á chraoladh ar BBC Northern Ireland níos déanaí sa bhliain.

Fuair an tsraith maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann, Screen
Scotland, agus Canada Media Fund. Fuarthas tacaíocht freisin ó Highlands and Islands Enterprise
agus ón Chiste Cheilteach Idirnáisiúnta.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.