Search

06 Sep 2025

Maoiniú de bheagnach €6.2 milliún do scoileanna agus d'áiseanna pobail

Maoiniú de bheagnach €6.2 milliún  do scoileanna agus d'áiseanna pobail

Minister Heather Humphreys

D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD de bheagnach €6.2 milliún de mhaoiniú d’áiseanna pobail agus spóirt ar fud na tíre.

Tacóidh an maoiniú, le 152 tionscadal a sheachadadh, lena n-áirítear páirceanna astroturf, clóis súgartha, gairdíní céadfacha, rianta siúlóide, cosáin dúlra, spásanna lasmuigh agus caiféanna pobail.

Ag fógairt sonraí an mhaoinithe, dúirt an tAire Humphreys: “Tá lúcháir orm maoiniú de bheagnach €6.2 milliún a fhógairt, chun 152 tionscadal ardchaighdeáin pobail agus spóirt a sheachadadh ar fud na tíre.

“Tá an maoiniú seo á chur ar fáil faoi Chlár CLÁR 2023 agus is éard atá i gceist leis nó cinntiú go mbainfidh cuid de na pobail is mó tuaithe leas as tionscadail a dhéanfaidh áiteanna níos bríomhaire le maireachtáil, le hoibriú iontu agus le cuairt a thabhairt orthu.

“Mar sin ó pháirceanna réaltbhuí, áiteanna súgartha agus gairdíní céadfacha go rianta siúlóide, cosáin dúlra, spásanna léirithe lasmuigh agus caiféanna pobail – déanfaidh na tionscadail seo difríocht mhór do shaol daoine de gach aois agus cumas.

“Tá an maoiniú seo sa bhreis ar an €4.7 milliún a d’fhógair mé i mí na Nollag, a dhírigh go príomha ar thacú lenár CLG agus le clubanna spóirt eile. Tá an infheistíocht seo ar fad á seachadadh faoinár mbeartas forbartha tuaithe, Ár dTodhchaí Tuaithe, a bhfuil tionchar bunathraithe aige ar fud Tuaithe na hÉireann.”

I measc samplaí de na tionscadail tá Comharcumann Frobartha Árann i nGaillimh a fuair €45,000 dó   suíocháin a chur ar fáil ag trá na brataí gorm, Scoil Samthann, Béal Átha na Lao, Co Longfoirt, a fuair €50,000 do pháirc Astro-turf ar thailte na scoile, Scoil Náisiúnta Dhroim Fhia, i gCeatharlach a fuair €40,680 do áit súgartha bog measc iomaí tionscadal agus tógra eile ar fud fad na tíre. 

Dúirt an tAire Humphreys: “Tá áthas orm a fhógairt inniu freisin go bhfuil maoiniú ar leith á chur ar fáil againn inniu do roinnt tionscadal ar ár n-oileáin amach ón gcósta. Is príomhthosaíocht domsa mar Aire tacú lenár n-oileáin agus téann an infheistíocht seo go croí na rudaí atáimid ag iarraidh a bhaint amach trínár straitéis deich mbliana d’oileáin, Ár nOileáin Bheo.”

Tá an maoiniú faoi CLÁR á chur ar fáil mar chuid de Ár dTodhchaí Tuaithe, plean straitéiseach cúig bliana an Rialtais chun ár mbailte agus sráidbhailte tuaithe a athbheochan ar fud na tíre.

Tógann fógra an lae inniu ar an €4.7 milliún a fógraíodh i mí na Nollag faoi Bheart 1 den chlár CLÁR chun tacú le 113 tionscadal bonneagair spóirt agus €2 mhilliún do 37 tionscadal a fógraíodh do Bheart 2 den chlár CLÁR. Tugann sé seo an infheistíocht iomlán go €13 milliún chun tacú le 302 tionscadal i gceantair CLÁR ar fud na tíre i 2023. Ó tugadh ar ais CLÁR arís in 2016, tá maoiniú de bhreis is €70 milliún ceadaithe do bheagnach 2,400 tionscadal.

Dúirt an sí:“Tabharfaidh an maoiniú breise atá á fhógairt agam inniu tacaíocht bhreise do ghrúpaí pobail agus do scoileanna ar fud na tíre chun áiseanna pobail a fhorbairt agus a fheabhsú, rud nach bhfuil dabht ar bith a chuirfidh fáilte mhór roimh gach duine a bhaineann úsáid astu agus go mbainfidh gach éinne úsáid astu.”

 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.