Tá sé iarrtha ag urlabhraí tithíochta Shinn Féin, Eoin Ó Broin TD, go ndéanfaí ‘leasú práinneach ar sholáthar tithíochta sóisialta.'
Dúirt an Teachta Ó Broin go bhfuil an iomairce maorlathais ag baint leis an bpróiseas i láthair na huaire.
De réir staitisticí a d'fhoilsigh an Rialtas, a deir sé, léirítear go bhfuil an iomarca maorlathas ag cur bac ar thógáil sa tír ag am ina bhfuil daoine gan bailte ar fud fad na tíre.
"Cé go bhfuil raon fachtóirí ann a d’fhéadfadh moill a chur ar sholáthar tithíochta sóisialta, is iad na fachtóirí is mó ná an próiseas ceadaithe ceithre chéim achrannach a chuir an Roinn Tithíochta i bhfeidhm ar údaráis áitiúla agus ar chomhlachtaí ceadaithe tithíochta," ar sé.
Dúirt sé go dtug Comhairle Contae Átha Cliath cead pleanála do thrí scór go leith theach sóisialta ina dháilcheantar fhéin i 2019 ach gur cuireadh moill ar an tógáil agus nach bhfuil an tógra críochnaithe go fóill.
D'iarr an Teachta Ó Broin go mbeadh níos mó neamhspleáchas tugtha don chomhairleach contae i ngach contae ó thaobh cúrsaí tógála dhe.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.