Noreen NicGairbheith
Tháinig a lán teachtaireachtaí ómóis isteach ón bpobal don comhairleoir contae Noreen NicGairbheith, 52, a fuair bás in ospís Dhún na nGall aréir, Deardaoin.
Bhí aithne fhorleitheadach ar Noreen de bharr í a bheith ag obair ar feadh na mblianta le páirtí Fhianna Fáil. Bhí sí mar pháirt d'fhoireann David Alcorn i 1999. D'obair sí leis an iar Leas-Cheann Comhairleach Pat 'the Cope' Gallagher ó toghadh ina Theachta Dála agus MEP é.
Rith sí don chéad uair sna toghachán áitiúil i 2019 agus d'éirigh léi suiochán a fhostú do Fhianna Fáil. D'fheidhmigh sí mar Chathaoirleach ar cheantar bardais na nGleanntach ó mí Bhealtaine 2020 go mí Bhealtaine 2021.
Bhí sí gniomhach i gcúrsaí pobail agus ghlac sí páirt sa chóir áitiúil agus suim aici i gcursaí aisteoireachta chomh maith.
Ba cainteoir dúchásach í as an Mhín Mhór, an Clochán Liath í agus bhí sí mar bhall do Choiste na nOileáin.
Dúirt Cathaoirleach ceantar bardais na nGleanntach, an Comhairleoir Michael McClafferty gur bean cineálta a bhí intí a bhí i gcónaí ag obair ar son daoine an cheantair. Dúirt sé go raibh aoibh an ghaire i dtolamh uirthi agus go raibh sí lách agus deas do gach aon duine.
Dúirt urlabhraí ó choiste forbartha pobail áitiúil na Dúchoraidh gur mór an chailliúint í agus ghabhadh buíochas dí ar son an mhéid a rinné sí ar a son.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.