Search

13 Jan 2026

Ní stopfaidh foréigean baile um Nollaig

Ní stopfaidh foréigean baile um Nollaig

Is iomaí sin duine a bheas faoi bhrú ina mbailte féin an Nollaig seo agus é ráite ag eagraíocht na mban, Women's Aid, go bhfuil airgead ag cur brú ar chúrsaí teaghlaigh. 

Dúirt siad go ndéanann go leor fir an am a úsáid le tuilleadh strus a chothú i saol na mban. Uaireanta ní thugann siad airgead dá iar-pháirtithe nó úsáideann bronntanais leis an bhua a fháil ar pháistí. 

Is iomaí sin bean a bheas beo go critheaglach ina mbailte féin an Nollaig seo mar go minic bíonn daoine ag ól nó ag tógáil drugaí. 

Deir Women's Aid go bhfuil siad ag súil go mbeidh ardú i líon na scairteanna a gheobhaidh siad le linn aimsir na Nollag. 

Dúirt Sarah Benson as Women's Aid go ndéantar foréigean baile ar 25% do mhná. Dúirt sí nach ndéanann go leor daoine atá ag fulaingt an fón a thógáil agus labhairt leo agus mar sin níl san fhigúir sin ach buille faoi thuairim. 

Dúirt sí go bhfuil fir amuigh ansin nach bhfuil ag tabhairt cead an teas a chur ar siúl de bharr chursaí airgead agus go mbeidh teaghlaigh fuar an Nollag seo de bharr. 

Cur scairt saor in aisce ar Women's Aid 1800 341 900. 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.