Search

06 Sep 2025

Comórtas Iriseoirí an Lae Amárach ‘24

Deis iontach do scolairí ceird na hiriseoireachta a fhoghlaim

Comórtas Iriseoirí an Lae Amárach ‘24

FILE PHOTO

Reachtálfaidh TG4, an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus Ollscoil na Gaillimhe Comórtas Iriseoirí an Lae Amárach.

Tá an comórtas dírithe ar scoláirí in Iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge ar fud na tíre agus fógrófar na buaiteoirí ag ócáid speisialta i nGaillimh i mí na Bealtaine, 2024.

Iarrtar ar scoláirí, a bheidh ag obair i ngrúpaí de cheathrar nó cúigear, mír nuachta uile-ardáin a chruthú agus an mhír a fhoilsiú ar Bhlag. Cuimseoidh gach iarratas, mír nuachta físe (3 – 5 nóiméad), alt nuachta scríofa a théann leis an mír físe (200 -250 focal), íomhá a dhéanann cur síos ar an mír físe agus ar an mír scríofa, agus gearrthóg fuaime a bhaineann leis an scéal a roghnaíonn siad (1 – 2 nóiméad).

D'fhéadfadh iarratasóirí, mar shampla, agallamh a chur ar dhuine mór le rá sa cheantar, nó tuairisc a dhéanamh faoi chluiche spóirt, tuairisc faoi chonspóid timpeallachta a chur le chéile, nó tuairisc faoi na dúshláin atá roimh dhaoine óga.

Cuirfear acmhainní teagaisc agus foghlama Iriseoirí an Lae Amárach, ar fáil ar TG4 Foghlaim (foghlaim.tg4.ie) a bheidh mar chúnamh sa seomra ranga le daltaí a réiteach chun iarratas na scoile a ullmhú. Ní ghlacfar ach le hiarratas amháin ó gach scoil.

Dúirt Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont: “Tá an iriseoireacht Ghaeilge ina bunchloch lárnach do sheirbhís TG4 agus cuireann muid fáilte roimh an gcomórtas nua seo.”

Agus í ag fáiltiú roimh Chomórtas Iriseoirí an Lae Amárach, dúirt Príomhfheidhmeannach COGG, Jacqueline Ní Fhearghusa: "Cuirfidh an comórtas nua seo gairm na hiriseoireachta faoi bhráid scoláirí na n-iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge agus cuirfidh sé ar an eolas iad faoi thábhacht iriseoireacht ar ardchaighdeán agus na deiseanna atá sna meáin d’iriseoirí le Gaeilge."

Dúirt Aodh Ó Coileáin, Léachtóir sna Meáin in Ollscoil na Gaillimhe: “Tá súil againn go dtabharfaidh an comórtas nua léargas do scoláirí Idirbhliana ar ról agus ar obair na meán agus go mb’fhéidir go spreagfaidh sé cuid acu tabhairt faoi ghairmeacha sna meáin amach anseo.”  

Déanfaidh painéal moltóirí breithiúnas ar na hiarratais agus bronnfar na duaiseanna ag an ócáid speisialta i mí na Bealtaine. Beidh deis ag na buaiteoirí cuairt a thabhairt ar TG4 agus Ollscoil na Gaillimhe. Foilseofar míreanna na mbuaiteoirí ar ardáin TG4.

Is é Dé Luain, Eanáir 25 an spriocdháta do scoileanna le clárú le haghaidh Comórtas Iriseoirí an Lae Amárach. 

Is féidir le scoileanna clárú ar: https://www.cogg.ie/iriseoiri- an-lae-amarach/

Caithfear na hiontrálacha críochnaithe a íoslódail ar shuíomh COGG roimh 5pm, Dé hAoine an 22 Márta, 2024.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.