Search

06 Sep 2025

Cuardach Gardaí ar dhéagóir a chonacthas go deireanach ina éide scoile

Cuardach Gardaí ar dhéagóir a chonacthas go deireanach ina éide scoile

Chonacthas Ryan Fealy ó Ard Fhearta i dTrá Lí, Contae Chiarraí ag thart ar 11:15rn Dé Máirt.

NUASHONRUITHE: Tá Ryan Fealy, 13 bliana d’aois, a tuairiscíodh ar iarraidh óna theach cónaithe in Ard Fhearta, Co Chiarraí ón 28 Samhain 2023, suite slán sábháilte.

Ba mhaith leis an nGarda Síochána buíochas a ghabháil leis an bpobal agus leis na meáin as a gcúnamh.

TÁ GARDAÍ ag lorg cúnaimh ón bpobal le fáil amach cá bhfuil buachaill 13 bliana d'aois atá ar iarraidh óna theach cónaithe i gContae Chiarraí.

Chonacthas Ryan Fealy ó Ard Fhearta i gceantar bhaile Thrá Lí ag thart ar 11:15rn Dé Máirt.

Deirtear go bhfuil sé 5 throigh 8 n-orlach ar airde, le tógáil beag. Tá gruaig fhionn air agus nuair a chonacthas é go deireanach, bhí a éide scoile á chaitheamh aige.

De réir na ngardaí, is eol do Ryan freastal ar cheantair Ard Fhearta agus Thrá Lí.

Iarrtar ar aon duine a bhfuil aon eolas aige faoina áit dul i dteagmháil le stáisiún gardaí Thrá Lí ar 066 7102 300, Líne Rúnda na nGardaí ar 1800 666 111, nó aon stáisiún gardaí.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.