Search

07 Sep 2025

Beagnach €2.3 milliún fógartha le 50 tionscadail amuigh faoin aer a fhorbairt

Maoiniú de bheagnach €2.3 milliún chun tacú le forbairt 50 tionscadal eachtraíochta faoin aer ar fud na hÉireann

Beagnach €2.3 milliún fógartha le 50 tionscadail amuigh faoin aer a fhorbairt

D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys, maoiniú de bheagnach €2.3 milliún chun tacú le forbairt 50 tionscadal eachtraíochta faoin aer ar fud na hÉireann.

Beidh an infheistíocht faoin Scéim Infreastruchtúir Caitheamh Aimsire Lasmuigh (ORIS) ríthábhachtach maidir le feabhas a chur ar rudaí amuigh faoin aer. I measc na háiteanna a bheifear ag cur feabhas ar beidh siúlbhealaí, rotharbhealaí, aibhneacha, lochanna agus tránna.

Nuair a dhéanfar na tionscadail a sheachadadh ar deireadh, cuirfidh siad go mór le geilleagair áitiúla trí chuairteoirí a mhealladh agus cur le cáil na hÉireann mar cheann scríbe don turasóireacht eachtraíochta.

Infheisteofar an maoiniú seo i 50 tionscadal áineasa lasmuigh atá ag céim luath forbartha faoi láthair.

Tá maoiniú suas le €50,000 le fáil ag na tionscadail seo chun iad a thabhairt chuig pointe a dtíg oibriú orthu. Nuair a bheidh siad ag an phointe sin, beidh siad in ann tuilleadh maoinithe a fháil trí bhearta eile na Scéime um Bonneagar Caitheamh Aimsire Lasmuigh.

Fógróidh an tAire Humphreys go luath an bhliain seo chugainn maoiniú do sheachadadh tionscadal ar an talamh faoi Bhearta eile na scéime.

I measc na dtionscadal atá á maoiniú faoin mBeart Forbartha Tionscadal inniu tá Cill Ala, i gContae Mhaigh Eo, Sliabh Bearnach, Contae an Chláir, Linn Taoide Árann, Contae na Gaillimhe, Dhoire Fhuinsigh, Contae Laoise, An Caisleán Riabhach, Contae Ros Comáin, Ceann Bhré, Contae Chill Mhantáin agus Ros Mhic Thriúin, Contae Loch Garman

Ag fógairt an mhaoinithe, dúirt an tAire Humphreys: “Táimid ag druidim isteach i laethanta dorcha an gheimhridh anois agus tá sé níos tábhachtaí ná riamh an leas is fearr a bhaint as na huaireanta lómhara solas lae sin trí dhul amach nuair is féidir leat. Tacóidh an maoiniú atá á fhógairt agam inniu le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar ár gconairí fánaíochta, ar ghníomhaíochtaí uisce-bhunaithe agus ar áiseanna eile, rud a fhágann go mbeidh siad níos taitneamhaí fós ar féidir le teaghlaigh cuairt a thabhairt orthu ar fud na tíre. Is féidir linn go léir taitneamh a bhaint as na háiseanna seo. Mholfainn do gach duine ar féidir leis dul amach agus an tairbhe is fearr a bhaint as a bhfuil le tairiscint ag ár dtuath.”

Dúirt an tAire Humphreys gur cheadaigh polasaí Forbartha Tuaithe an Rialtais, ‘Ár dTodhchaí Tuaithe’, dóibh infheistíocht a dhéanamh sna háiseanna ag leibhéal nach bhfacthas riamh cheana in Éirinn.

“Is féidir na buntáistí eacnamaíocha agus sóisialta a bhaineann leis an infheistíocht seo dár gceantar tuaithe a fheiceáil inniu tríd an líon gan fasach daoine a bhaineann taitneamh as na háiseanna nua atá maoinithe ag mo Roinn i gcomhar le pobail áitiúla ar fud na tíre. Tá áthas orm freisin go mbeidh an infheistíocht seo mar chéim eile chun cinn maidir le Straitéis uaillmhianach nua an Rialtais um Chaitheamh Aimsire Lasmuigh a bhaint amach – Ag Glacadh le hÉirinn Amuigh Faoin Aer,” a dúirt sí. 

 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.