Search

06 Sep 2025

Bíodh beannachtaí an tseasúir i nGaeilge ag daoine i mbliana

Beidh an t-airgead ar fad ag dul chun acmhainní oideachais agus leabhair a bhfuil géarghá leo a mhaoiniú

Bíodh beannachtaí an tseasúir i nGaeilge ag daoine i mbliana

Táthar ag iarraidh ról lárnach a thabhairt don Ghaeilge an Nollaig seo agus cartaí Nollag Gaeilge a chur ar fáil ag tuismitheoirí le cuidiú achmhainní oideachais a chur ar fáil dá bpáistí ag Gaelscoil Áine.  

Tá tuismitheoirí atá ag bailiú airgid do Ghaelscoil Áine ar Bhóthar Mobhi, Baile Átha Cliath, ag iarraidh ar dhaoine cartaí Nollag le beannachtaí i nGaeilge a cheannacht le go mbeidh blás, binn na Gaeilge acu ina mbailte le linn an tseasúir.

Tá beannachtaí na Nollag draíochtúil i nGaeilge,” a dúirt Tarsila Krüse, maisitheoir leabhar do pháistí. Is í Tarsila a dhear an bailiúchán nua cártaí do 2023.

Dúirt sise go mbeidh éifeacht dhearfa ag na cartaí ar úsáid na Gaeilge i mbailte. 

Tá a gcártaí á ndíol ag tuismitheoirí Ghaelscoil Áine mar phaca de dheich gcinn de dhearadh éagsúil ar €10. Is féidir na cartaí a cheannacht anseo.

Beidh an t-airgead ar fad ag dul chun acmhainní oideachais agus leabhair a bhfuil géarghá leo a mhaoiniú.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.