Search

14 Sep 2025

Pinn Léitheoireachta C-Pen le fáil ar iasacht anois ó do Leabharlann áitiúil i nDún na nGall

Pinn Léitheoireachta C-Pen le fáil ar iasacht anois ó do Leabharlann áitiúil i nDún na nGall

Tá Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall ag éascú na léitheoireachta le C-Pen, atá ar fáil ar iasacht anois ó bhrainse leabharlainne áitiúil.

Mar chuid dár dtiomantas chun teicneolaíocht chuimsitheach a chur ar fáil do chách, is peann léitheora é an C-Pen a scanann agus a léann téacs os ard chun cabhrú leis an léitheoireacht neamhspleách. Tá pinn léitheora deartha chun léitheoireacht, tuiscint agus foghlaim neamhspleách ghníomhach a chur chun cinn.

Is uirlis iontach tacaíochta iad do dhaoine a bhfuil deacrachtaí léitheoireachta acu amhail disléicse nó afáise. Tá siad tairbheach freisin do dhaoine a bhfuil lagú radhairc acu nó daoine atá ag foghlaim teanga nua. 

Is uirlis iniompartha a rachadh i do phóca é an Peann Léitheoireachta, C-Pen a úsáideann guth cainte nádúrtha chun na focail ar an leathanach a léamh. Tá foclóir ionsuite ann ionas gur féidir leat teacht go héasca ar bhrí na bhfocal agus tú ag léamh. Ní theastaíonn an t-idirlíon ón C-Pen. Mar sin is féidir é a úsáid am ar bith, áit ar bith. Is féidir leis teangacha eile a léamh freisin, Fraincis, Spáinnis, agus Iodáilis mar shampla.

“Tá cabhrú le daoine léamh ag croílár a ndéanaimid, agus trí Léitheoirí C-Pen a chur ar fáil saor in aisce ar iasacht ó do leabharlann áitiúil, tá súil againn go mbeidh an léitheoireacht níos inrochtana do chách. Cibé an scoláire tú atá ag streachailt le tascanna léitheoireachta, duine fásta atá ag foghlaim na léitheoireachta, nó duine a bhfuil lagú amhairc air, is féidir leis an Léitheoir C-Pen cabhrú leat.” - Donna Cavanagh, Leabharlannaí Feidhmiúcháin Sinsearach ag labhairt thar ceann Sheirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall.

“Táimid buíoch as acmhainn chomh húsáideach a bheith againn agus an C-Pen á mhaoiniú trí Chiste na gCuntas Díomhaoin le haghaidh Tacaíochtaí Leabharlainne do Phobail atá Imeallaithe, Pobail atá Eisiata go Sóisialta agus Pobail atá faoi Mhíbhuntáiste. Ligeann sé seo dúinn freastal ar riachtanais daoine scothaosta, leanaí ó phobail faoi mhíbhuntáiste, daoine faoi mhíchumas agus grúpaí imeallaithe eile i nDún na nGall.”

Tabhair cuairt ar do bhrainse áitiúil de chuid Leabharlann Dhún na nGall le fáil amach conas Léitheoir C-Pen a fháil ar iasacht.  Is féidir le baill den phobal Peann Léitheora a fháil ar iasacht ar feadh tréimhse trí seachtaine. Níl de dhíth ort ach cárta leabharlainne, atá saor in aisce! Tá sé simplí ballraíocht a ghlacadh, buail isteach chuig do leabharlann áitiúil le haitheantas éigin nó glac páirt ar líne ach dul chuig www.donegallibrary.ie.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.