Search

06 Sep 2025

GRADAIM Gnó na hÉireann bronnta ar 146 gnólacht

GRADAIM Gnó na hÉireann bronnta ar 146 gnólacht

Bronnadh comharthaí GRADAIM Gnó na hÉireann 2023 ar 146 gnólacht ag mórócáid i Páirc an Chrócaigh ar Samhain 15ú. Ina measc na gnólachtaí bhí Tesco Ireland, JD Wetherspoon, agus Trócaire. Is í an láithreoir teilifíse Mary Kennedy a bhronn na Gradaim, agus ba í Sinéad Ní Uallacháin a bhí mar bean an tí.

Seo é an dara bhliain den scéim náisiúnta aitheantais GRADAIM Gnó na hÉireann atá á reachtáil ag Glór na nGael. Bronntar gradaim ar ghnólachtaí as méid áirithe a dhéanamh maidir le húsáid na Gaeilge faoi thrí mhór-réimse: 1. Comharthaíocht, 2. Brandáil agus Margaíocht, 3. Seirbhís i nGaeilge.


Bhain 26 as an 146 gnólacht bonn óir amach sa trí réimse agus bhain 74 eile acu bonn amháin óir, ar a laghad. Ó bunaíodh an scéim tá breis agus 480 bonn aitheantais bronnta.


Mhínigh Frainc Mac Cionnaith, bainisteoir na scéime i nGlór na nGael, go dtugann comharthaí GRADAIM le fios don phobail cén saghas seirbhíse agus comharthaíochta Gaeilge ar féidir bheith ag súil leis ó na gnólachtaí rannpháirteacha. 


"Is próiseas chuimsitheach mheasúnaithe, atá neamhspleách agus náisiúnta atá anseo le heolas chruinn, deimhnithe agus cothrom le dáta a chur ar fáil don phobal maidir leis an saghas seirbhíse agus comharthaíochta Gaeilge ar féidir a bheith ag súil leis ó na gnólachtaí rannpháirteacha." a dúirt Mac Cionnaith. "Tá an t-aitheantas náisiúnta a bronnadh ar na gnólachtaí inniu idir beag agus mór tuillte acu. Déanaim comhghairdeas leo uilig, molaim go hard iad as a ndiogras agus a dtiomántas agus dar ndóigh gabhaim buíochas leis na hionadaithe ó na coistí pobail agus na hoifigigh pleanála teanga timpeall na tíre atá ag tacú le cur chun cinn na scéime."


Tá bonn óir sna trí réimse bainte amach ag an 26 gnólacht seo: 

Sa rannóg speisialta 'Fiontraí Óg na Bliana' atá sa scéim tugadh aitheantas ar leith do bheirt duine óg a leírigh bua don fhiontraíocht agus díogras don Ghaeilge. I mbliana is iad Mia Nic Daibhéid (aoisghrúpa 18 - 21) as Anagaire i gCo. Dhún na nGall agus Ruairí Ó hÓgáin (aoisghrúpa 12-18) as Daingean Uí Chúis, i gCo. Chiarraí a thug leo an duais “Fiontraí Óg na Bliana”.


Is scéim de chuid Ghlór na nGael í GRADAIM Gnó na hÉireann. Faigheann Glór na nGael tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus ó Fhoras na Gaeilge.

 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.