Search

06 Sep 2025

Seachtain SHAG á seoladh ag Comhaltas na Mac Léinn

Seachtain SHAG á seoladh ag Comhaltas na Mac Léinn

Faye Ní Dhomhnaill, Raimey O’Boyle, Izzy Tiernan agus Dean Kenny

Sheol Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe an clár imeachtaí inniu le haghaidh
Seachtain na Feasachta agus na Treorach Sláinte Gnéis (SHAG), atá le toiseacht ar Samhain 20.
Le linn na seachtaine, scrúdófar na príomh-shaincheisteanna a mbíonn tionchar acu ar shláinte agus folláine ghnéis na mac léinn.

Beidh ceardlann digiteach ann chomh maith a dhéanfas sancheisteanna maraon le toill ar ardáin digiteacha a mheas. 

Reáchtálfar Biongó na mBréagán Gnéis in Sult arís i mbliana, ócáid a mbíonn an-tóir uirthi i
gcónaí, chun airgead a thiomsú do charthanais Chomhaltas na Mac Léinn. Beidh clinicí STI
saor in aisce ar fáil in Aonad Sláinte na Mac Léinn agus beidh clinic mear-thástála VEID á
reáchtáil ag Sexual Health West. Ni gá do mhicleinn coinne a dhéanamh do na clinicí seo.
Dúirt Dean Kenny, Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn: "Tá súil againn go dtabharfaidh
imeachtaí na Seachtaine SHAG spreagadh do na mic léinn dearcadh freagrach a bheith acu
maidir le sláinte ghnéis agus caidrimh shláintiúla.

"Tá neart le déanamh fós againn, i sochaí na hÉireann, chun deireadh a chur leis an ‘gcosc’ ar bheith ag labhairt faoin ngnéas. Ba mhaith linn go mbeadh eolas ag ár gcuid mac léinn ar shábháilteacht gnéis."
Dúirt Izzy Tiernan, Leasuachtarán de chuid an Chomhaltais/an tOifigeach Leasa agus
Comhionannais: "Tá ceardlanna agus imeachtaí iontacha eagraithe againn le haghaidh na
Seachtaine SHAG. Bíonn Sult lán go doras ag Biongó na mBréagán Gnéis gach bliain agus is
amhlaidh a bheidh arís i mbliana. Ba mhaith linn spreagadh a thabhairt do gach mac léinn a
bheith páirteach agus meabhrú dóibh go mbímid ag tabhairt amach coiscíní saor in aisce ó
thús deireadh na bliana - ní hamháin i rith na Seachtaine SHAG."

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.