Search

06 Sep 2025

Tá deis scéim na gcuntoiri teanga a leathnú go Cathair Chorcaigh, Baile Dhún na nGall agus an Uaimh

Lá Traenála na gCúntóirí Teanga i mBaile Átha Cliath ar na mallaibh

Tá deis scéim na gcuntoiri teanga a leathnú go Cathair Chorcaigh, Baile Dhún na nGall agus an Uaimh


Bhí cúntóirí ón na naoi cheantar a bhfuil Scéim na gCúntóirí Teanga a reachtáil ann, i láthair ag lá traenála a d'eagraigh Glór na nGael in oifigí Foras na Gaeilge ar Sráid Amien i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo.

Feidhmíonn na cúntóirí i scoileanna atá suite i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge atá aitheanta faoin bpróiseas pleanála teanga.

Dúirt Sara Ní Chuireáin, Bainisteoir Scéim na gCúntóirí Teanga, go bhfuil sé tábhachtach an spás a chur ar fáil do na cúntóirí teanga teacht le chéile. "Tá Glór na nGael ann le tacaíocht a thabhairt do na cúntóirí teanga an Ghaeilge a chur chun cinn sna scoileanna. Ceann de na bealaigh go dtig linn sin a dhéanamh ná ócáidí mar seo a eagrú dóibh.

“Ní hé amháin go dtig leo foghlaim faoi chluichí leis an teanga a spreagadh trí spraoi, níos tábhachtaí ná sin b'fhéidir, ná go dtugann sé an deis dóibh aithne a chur ar a chéile, taithí s'acu a roinnt agus plé a dhéanamh ar cheisteanna agus ar théamaí comónta" a dúirt Ní Chuireáin. 


Eagraíodh cúpla phríomhimeacht thar an lá; 'Blaiseadh spreagadh teanga trí spraoi' le Eoghan Mac Cormaic, dearthóir cluichí, maidir leis na cluichí a úsáideann siad agus iad ag obair le daoine óga, agus deis triail a bhaint astu - tá COGG ag maoiniú pacaiste cluichí agus aiseanna do gach scoil atá pairteach sa scéim. 
'Tabhacht ról an chúntóir teanga' le hiar-phríomhoide Scoil Uí Ghramhnaigh Mairéad Ní Cheallaigh - Cuir síos ar ról an cúntóir mar chuid de fhoireann na scoile agus an tabhacht a bhaineann leis an ról.
'Deachleachtais' - Fóraim plé le Máire Ní Óbáin, Cúntóir Teanga i Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua agus Bríd Ní Dhonnchadha ó An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta

Tá 15 as na 16 phost líonta ag an bpointe seo agus tá Glór na nGael go fóill ar eacrú don phost mar cúntóir teanga i gColaiste Chillian i gCluain Dolcáin, i mBaile Átha Cliath.

Tá an 14ú Samhain mar sprioc agus ma tá suim agat seol r-phost ag sct@glornangael.ie. Tá an scéim seo maoinithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán. Tá déis an scéim a leathnú amach go Cathair Chorcaigh, Baile Dhún na nGall agus an Uaimh, i gcontae na Mí nuair a bheidh plean teanga ullmhaithe ag grúpaí sna ceantair sin agus na pleananna aitheanta ag an Roinn.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.