Reáchtálfar Seimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge Dé Sathairn seo chugainn, Samhain 4, in Óstán Gleneagle, Cill Airne, áit a bheidh Gealltanais don Ghaeilge faoi chaibidil, agus cé acu, beart nó bréag, atá iontu.
Is í Uachtarán an Chonartha, Paula Melvin, a bheidh mar chathaoirleach ar an seimineár.
Beidh Máirtín Ó Muilleoir, údar Paidir do Bhéal Feirste, Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge agus Caitlín Ní Bhroin, OPT le Pleanáil Teanga Chloich Cheann Fhaola ar an
phainéal.
I ndiaidh deis labhartha a bheith ag an phainéal, beidh tuairimí ón todhchaí le Bláithín Nic an tSíthigh, Leas-Uachtarán don Ghaeilge le hAontas na Mac Léinn in Éirinn, Eimear Nic Dhonnchadha, Oifigeach Gaeilge le hAontas Daltaí Iar-Bhunscoile na hÉireann agus Conor Torbóid, Gníomhaí Teanga leis an Dream Dearg agus Eagarthóir NÓS.
Déanfar plé ar ghealltanais atá déanta ag rialtais ó dheas agus ó thuaidh i leith na Gaeilge. Labhróidh an phainéal ar cé acu an mbeidh Coimisinéir Gaeilge ó thuaidh, an mbeidh tacaíocht chothrom Stáit choíche ann don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus cé acu an mbeidh daoine óga na Gaeltachta in ann cur fúthu ina gceantar féin?
Seolfar Bailiúchán Digiteach ó Chartlann Chonradh na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe i ndiaidh an tseimineáir. Seolfaidh Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin, an acmhainn agus labhróidh Niamh Ní Charra, Cartlannaí Tionscadail Chonradh na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe fúithi ag 12:30 i ndiaidh Seimineár an Oireachtais.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.