Tá clár faisnéise úr fá thithíocht ag tosú ag 9.30pm Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair ar TG4. Scríofa agus stiúrtha ag Paul Webster, diríonn an clár seo ar an dóigh a ndeachthas i ngleic le fadhbanna tithíochta in Éirinn ó bunaíodh an Stáit.
Déantar cur síos chomh maith ar an uair a thosaigh na fadhbanna ag teacht chun cinn.
Bhí géarchéim tithíochta in Éirinn ón gcéad lá agus níor leigheasadh riamh í, a deirtear sa chlár. Táthar ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar an ngéarchéim ó shin. Ó árasáin sna 30idí go dtí na foirgnimh ardstóracha sna 60idí, ó bhungalónna sna 70idí go dtí bolgán tithíochta bhlianta na mílaoise, déanfar cur síos orthu uilig.
Dirítear sa scannán seo ar na smaointe a d’oibrigh agus ar na smaointe nár oibrigh, ar an gcaoi a ndeachthas amú agus mar is féidir an ghéarchéim atá ann faoi láthair a leigheas.
Cé go bhfuil sé dearmadta den chuid is mó anois, ba í fadhb na tithíochta ceann de na príomhfhadhbanna a spreag réabhlóidithe na hÉireann le linn Chogadh na Saoirse. Nuair a bhí an Chogadh Cathartha thart, bhí ar na hiar-réabhlóidithe smaointiú ar dhóigh le haghaidh a thabhairt ar an bhfíordhroch-chás tithíochta a bhí sa tír.
Den chéad uair riamh, leagtar amach stair na tithíochta in Éirinn le céad bliain anuas sa chlár faisnéise spéisiúil seo ina gcíortar scéalta móra tithíochta le linn gach deich mbliana suas go dtí an bhliain 2023 agus déánfar amharc ar céard ab ba chúis leis an fhadhb atá idirlámha sa lá atá ann inniu.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.