Tá Two Minute Tales BBC Thuaisceart Éireann ar ais — agus is féidir iontráil a chur isteach i nGaeilge an iarraidh seo.
Tá catagóir úr sa chomórtas scéalta gairide Two Minute Tales ar an BBC do pháistí atá idir 5 agus 11 bliana d’aois le scéalta a chur isteach i nGaeilge.
Déanfaidh painéal ar leith de mholtóirí Gaeilge breithiúnas ar na hiarratais.
Roghnóidh na moltóirí triúr iomaitheoirí don bhabhta ceannais agus léifidh aisteoirí a gcuid scéalta amach ar Blas ar Raidió Uladh, agus déanfar beochan de scéal an bhuaiteora.
Beidh scéal gach duine de na triúr iomaitheoirí sa bhabhta ceannais san áireamh i scéal-leabhar maisithe.
Faigh tuilleadh amach faoin dóigh le do scéal Gaeilge a chur isteach anseo.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.