Search

06 Sep 2025

Céad post breise a chruthú ag ionad sa Spidéal i nGaeltacht Chonamara

Tá súil go mbeidh 400 duine ag obair do Freudenberg Medical ina n-ionad i nGaeltacht na Gaillimhe taobh istigh de ocht mí dhéag.  

Céad post breise a chruthú ag  ionad sa Spidéal i nGaeltacht Chonamara

Tá fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh fhógra an chomhlachta Freudenberg Medical go bhfuil siad le 100 post breise a chruthú ag a n-ionad sa Spidéal i nGaeltacht Chonamara. 

Beidh na postanna seo á gcruthú ag áis nuafhorbartha déantúsaíochta an chomhlachta atá á hoscailt go hoifigiúil ag Príomhfheidhmeannach an ghrúpa Freudenberg, Dr. Mohsen Sohi i láthair an Aire Stáit sa Roinn Fiontair, Trádála agus Fostaíochta, Dara Calleary, TD.  

Tá infheistíocht de bhreis agus €2 milliún déanta ag Údarás na Gaeltachta sa tionscadal seo in imeacht na mblianta. Cuirfidh an t-ionad nua méadú 50% leis an spás atá ag an gcomhlacht déantúsaíochta feistí leighis sa Spidéal, cuirfidh sé ar a gcumas cur le táirgiúlacht an chomhlachta agus an fhoireann oibre sa Spidéal a mhéadú 25%. 

Tá súil go mbeidh 400 duine ag obair do Freudenberg Medical ina n-ionad i nGaeltacht na Gaillimhe taobh istigh de ocht mí dhéag.  

Cruthófar postanna nua san innealtóireacht, i dtaighde agus forbairt, i ndéantúsaíocht agus i seirbhísí cáilíochta agus tacaíochta agus deir an comhlacht go bhfuil earcaíocht do na postanna nua tosaithe cheana féin.  

Tá an fhorbairt seo ag tarlú de bharr ardú ar an éileamh domhanda atá ar tháirgí leighis an chomhlachta. Cuireann an fhorbairt ar chumas Freudenberg Medical freisin tuilleadh táirgí coimpléascacha a fhorbairt chun freastal ar a gcuid custaiméirí ar fud an domhain.  

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin: “Is údar mórtais dúinn a bheith mar chuid den fhorbairt shuntasach seo in earnáil atá ag fás i gcónaí. Tá sé fíor-thábhachtach dúinn bheith ábalta cuidiú le cliantchomhlachtaí den scoth ar nós Freudenberg Medical a gcuid áiseanna a fhorbairt agus a fhás, ar mhaithe le cruthú fostaíochta agus deiseanna sa nGaeltacht.

"Tá postanna ar ardchaighdeán á gcur ar fáil anseo i gceartlár na Gaeltachta. Tá muid sásta go raibh ar ár gcumas an t-infreastruchtúr cuí a chur ar fáil do Freudenberg le go bhféadfaí na postanna sin a chruthú anseo.” 

 

 

 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.