Seoladh An Plean Fáis: Plean Infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht 2024-2029, i dTeach an Ardmhéara, Baile Átha Cliath níos luaithe inniu.
Bhí Teachtaí Dála nó Seanadóirí ó nach mór gach aon páirtí polaitiúil i láthair le cloisteáil faoi na mianta agus na héilimh atá leagtha amach sa phlean a bhfuil níos mó ná 130 grúpa ag tacú leis. Thug na ngrupaí a ndearcadh maidir leis an phlean chomh maith.
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:“Leagann An Plean Fáis slí chun tosaigh amach le maoiniú agus infheistíocht sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht a neartú sna blianta le teacht go 2029. Má mhaoinítear an plean seo, cruthófar breis is 9,000 post, go háirithe sa Ghaeltacht, cuirfear leis an líon daoine ag cónaí sa Ghaeltacht, cuirfear maoiniú sásúil ar fáil do phobail áitiúla leis an bpleanáil teanga níos éifeachtaí a chur i gcrích, cuirfear na mílte scoláireachtaí ar fáil le cur ar chumas daltaí nach bhfuil an t-airgead sa bhaile acu dul chun na Gaeltachta, agus roinnt eile."
Dúirt sé go bhfuil an bonnlíne maoinithe atá curtha ar fáil do scéimeanna Gaeilge agus Gaeltachta thar na mblianta thar a bheith íseal, thart ar 0.17% de chaiteachas an Stáit, rud a fhágann go leor bearnaí sa soláthar tacaíochta teanga ar fud na tíre, dar leis.
"Tá sé simplí, le níos mó maoinithe, is féidir linn mar phobal i bhfad Éireann níos mó a bhaint amach. Ba mhaith linn na deiseanna úsáide agus foghlama Gaeilge a mhéadú go suntasach le huaillmhian agus le cothrom na féinne a chur ar fáil don teanga agus don Ghaeltacht ar nós nár rinneadh riamh ó bunaíodh an Stáit le hardú go 0.4% de chaiteachas an Stáit. Tá an Plean Fáis anois i lámha na bpáirtithe polaitiúla agus is fúthu a bheidh sé na hacmhainní cuí a chur ar fáil sna míonna agus sna blianta atá romhainn. Déanfaidh muid an cás, an t-éileamh agus na riachtanais a chur ina láthair inniu.”
Ag labhairt faoin phlean, dúirt Cristín de Mórdha, Oifigeach Pleanála Teanga, Dúchas an Daingin: “Caitheann An Plean Fáis súil chun tosaigh ar an méid atá riachtanach don nGaeilge agus don nGaeltacht sna blianta amach romhainn. Tá sé ina aidhm ag an bplean seo dul i ngleic le heaspa uaillmhéine agus le heaspa maoinithe i leith na teangan, is a bheith ina uirlis le todhchaí níos fearr don nGaeilge is don nGaeltacht a bhaint amach.
"Nuair a cuireadh tús leis an bpróiseas pleanála teangan, cuireadh ceist ar na coistí a bhí ag cur pleananna teangan le chéile a bheith uaillmhianach agus chuireadar pleananna le chéile go mbeadh €300-€400,000+ sa bhliain ag teastáil chun iad a mhaoiniú. Ansin, faraor, níor cuireadh ach idir €100,000 agus €150,000 ar fáil dóibh leis na pleananna san a chur i bhfeidhm, rud nár chuir na riachtanais shainiúla áitiúla ar fad san áireamh. Tá €1.6 mhilliún leagtha amach sa phlean do na 26 limistéar pleanála teanga i 2024 le foirne a fhostú, leis na pleananna teanga a fheidhmiú agus le tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh agus d'imeachtaí óige, rud a chuirfeadh go mór le cumas lucht pleanála teangan san obair a bhíonn ar bun againn agus a chinnteoidh nach bhfuil aon duine i mbun na hoibre seo leo féin.”
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.