Search

06 Sep 2025

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Rónán Mac Aodha Bhuí

"I mbeagán focal, ba laoch i measc na nGael é" - Uachtáran na hÉireann

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Rónán Mac Aodha Bhuí

Rónán Mac Aodh Bhuí agus an t-Uachtáran Micheál D. Ó hUigínn

Dúirt Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn gur údar mór bróin do a chloisteáil faoi bhás an chraoltóra aitheanta Rónán Mac Aodha Bhuí, 53, as Gaoth Dobhair.

Dúirt sé fear é a raibh ardaithne air i measc phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge ar fud fad na tíre. Ba le RTÉ Raidió na Gaeltachta is mó a luaitear Rónán ach ba chraoltóir ildánach é i réimse na teilifíse freisin agus chuir sé i láthair cláracha ar sheirbhísí RTÉ agus TG4, a dúirt sé.

"Bhí beocht agus spleodar thar na bearta ag baint leis mar chraoltóir agus tugadh aitheantas dó dá bharr sin le duaiseanna agus gradaim éagsúla in imeacht na mblianta.Bhí suim ar leith aige i dtallann nua ceoil a aithint agus tacaíocht a thabhairt do ghlúin nua de bhannaí ceoil agus de cheoltóirí aonair. Bhí sé ina bhunaitheoir ar fhéilte ceoil agus ar An Cabaret Craiceáilte agus ba é a bhain sásamh as a bheith i lár an aonaigh ag cur seónna bríomhara i láthair an phobail," a dúirt an t-Uachtáran. 

Luaigh sé go raibh cumas eile ann freisin – agallaimh mheáite thomhaiste a dhéanamh ar ábhair ghoilliúnacha le daoine leochaileacha.

"Bhí fáilte chroíúil roimhe i gcónaí in aon áit a mbeadh pobal na Gaeilge cruinnithe: ar Thoraigh, in Iarthar Bhéal Feirste, ag féile an Oireachtais nó in iliomad áiteanna eile. I mbeagán focal, ba laoch i measc na nGael é.

Ba mhaith liom féin agus le Saidhbhín ár gcomhbhrón a chur in iúl dá bhean chéile Bernie, dá n-iníon Fionnuala, dá dheartháireacha agus dá dheirfiúracha, dá chairde, dá chomhghleacaithe agus don phobal sin a raibh grá a chroí aige dóibh,” a dúirt sé. 

 

 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.