RDS
Cuirfidh COGG tús le seachtain mhór Ghairmeacha inniu. Den chéad uair, beidh seastán ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta ag an Aonach Gairmeacha, Higher Options atá á reáchtáil ag an Irish Times san RDS ó Dé Céadaoin go dtí Dé hAoine na seachtaine seo, Meán Fómhair 20-22.
Is ag an gCeathrú Ghaeltachta a bheidh an seastán - rannóg úrnua atá á chur ar siúl ag lucht eagraithe Higher Options don chéad bhabhta chun eolas a scaipeadh ar scoláirí agus ar mhúinteoirí faoi na deiseanna ar fad atá ann do ghairmeacha beatha le Gaeilge. Roinnfidh COGG seastán le Saoloibre.ie agus idir an dá sheastán beidh tarrac ar eolas faoi cosáin ghairmeacha mar aon le féiríní deasa.
Beidh an Cheathrú Ghaeltachta, atá urraithe ag Foras na Gaeilge, lonnaithe i Halla na dTionscal san RDS agus beidh eagraíochtaí Gaeilge eile ar nós An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Conradh na Gaeilge i láthair, mar aon le hinstitiúidí tríú leibhéal a chuireann cúrsaí ar fáil trí Ghaeilge. Beidh seans ag scoláirí agus
múinteoirí freastal ar chainteanna atá dírithe ar ghairmeacha le Gaeilge ó leithéidí Údarás na Gaeltachta, TG4, Oifig an Choimisinéara Teanga nó cupa tae nó caife a ól sa chaife Gaelach a bheidh oscailte san RDS don 3 lá.
Ag labhairt dí faoin ócáid, deir Aoife Ní Shéaghdha, Oifigeach Oideachais COGG go bhfuil COGG thar a bheith sásta a bheith rannpháirteach sa Cheathrú Ghaeltachta mar gur deis iontach a bheidh ann comhoibriú le heagraíochtaí eile agus bualadh le daoine óga agus a gcuid múinteoirí agus labhairt leo faoi na buntáistí ar fad a thabharfaidh an Ghaeilge dóibh
ina ngairmeacha beatha amach anseo.
Thar aon ní eile, táimid ag súil ár n-acmhainn úrnua, an Pacáiste Eolais um Threoir: Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge a thaispeáint agus a thabhairt amach d’éinne a léiríonn spéis ann,” a dúirt sí.
Díríonn an acmhainn seo, a bhfuil leagan digiteach dó ar fáil ar ardán digiteach COGG, An Tairseach, ar an iliomad deiseanna agus ar na cosáin ghairme atá ar fáil do dhaoine óga a bhaineann le saol na Gaeilge agus na Gaeltachta.
“Táimid an-bhródúil as an obair seo mar is iarracht atá ann a lán eolais a bhí scaipthe agus deacair le teacht air faoi chúrsaí tríú leibhéal, faoin éagsúlacht fóstaíochta le Gaeilge, faoi dheiseanna oiliúna ar nós printíseachtaí do Ghaeilgeoirí, a thabhairt le chéile in aon áit amháin. Is ionainn teanga sa bhreis agus deis sa bhreis do dhaoine óga,” a dúirt sí.
Tá an fillteán seo, a bhfuil 12 bileog éagsúil ann a dhíríonn ar réimsí éagsúla deiseanna ar nós na meán, an aistriúcháin, an státsheirbhís, á sheoladh amach go dtí na hiar- bhunscoileanna ar fad atá ag teagasc trí Ghaeilge an tseachtain seo. Is cúis mhór áthais do COGG go bhfuil tacaíocht na Roinne Oideachais go hiomlán laistair den phacáiste toisc é a bheith ag teacht go smior leis an gcuraclam treorach don iar-bhunscoil.
Táthar ag súil go mbeidh an acmhainn seo ina chabhair mhór do chomhairleoirí treorach, do chomhordnóirí idirbhliana, do mhúinteoirí Gaeilge agus do phobal uile na scoileanna. Cé go bhfuil an áis go hiomlán as Gaeilge faoi láthair agus dírithe ar scoileanna atá ag teagasc trí Ghaeilge go príomha, níl aon bhac ar éinne ó aon scoil eile an acmhainn a úsáid mar atá sí.
Tá sé i gceist, áfach, leagan dhátheangach den phacáiste á fhorbairt amach anseo dírithe ar scoileanna uile na tíre.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.