Search

06 Sep 2025

'Fadhb tithíochta an chloch is mó ar a phaidrín roimh an toghchán'

Deir Uachtarán Sinn Féin go bhfuil athrú Rialtais de dhith

'Fadhb títhíochta an chloch is mó ar a phaidrín roimh an toghchán'

Uachtarán Sinn Féin Mary Lou McDonald

Dúirt Uachtarán Shinn Féin Mary Lou McDonald go bhfuil gá le hathrú rialtais le dhul i ngleic leis an géarchéim tithíochta, fadhbanna sa chóras sláinte agus an chaoí ina bhfuil an chostais maireachtála ag dul in airde lá i ndiaidh lae. 

Dúirt sí an oiread seo ag 'think-in' bliantúil an pháirtí i mBaile Átha Cliath nios luaithe inniu.  

Dúirt sí: "Tá muid ag tabhairt aghaidh ar cheann de na tréimhsí is tábhachtaí i stair pholaitíocht na hÉireann agus muid ag cuntas na laethanta go dtí na toghcháin áitiúla, Eorpacha agus Udarás na Gaeltachta i mí an Mheithimh agus olltoghchán a d’fhéadfadh tarlú ag póinte ar bith."

Dúirt sí go raibh toil an phobal i leith athrú ag dul i méid de bharr go raibh an Rialtas ag léiriú nach raibh sé ábalta do na dúshláin agus na géarchéim atá ann i láthair na huaire. 

“Mar is faide atá Fine Gael agus Fianna Fáil i mbun rialtais is ea is measa atá rudaí ag éirigh - níl le déanamh ach amharc ar na géarchéimeanna tithíochta, sláinte agus costais mhaireachtála. Má theastaíonn uainn go n-athrófar rudaí, teastaíonn athrú rialtais uainn," ar sí.

Dúirt sí go raibh sé soiléir gurb í an tithíocht an cheist is mó a bheas ann do na páirtí roimh an toghchán. 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.