Search

22 Oct 2025

Gradam Cumarsáide CLG bainte ag clár fáisnéise fá Ógie Ó Dufaigh

Chuir Michelle Nic Grianna an clár i láthair agus is é Dónall Mac Ruairí a léirigh an clár

Gradam Cumarsáide CLG faighte ag clár fáisnéise fá Ógie Ó Dufaigh

Michelle Nic Grianna agus Dónall Mac Ruairí

D'éirigh le clár a craoladh faoi bhás Ógie Ó Dufaigh a craoladh ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Gradam na Gaeilge a bhaint i gcomórtas Gradaim Mhic Con Míche, gradaim chumarsáide CLG. 

Maraíodh Brendan 'Ógie’ Ó Dufaigh, 19, i dtaisme bóthair ar Iúil, 16, 2021.  Bhí aithne mhaith ar Ógie i nDún na nGall de bharr an ceangal atá ag a theaghlach leis an cheantair. 

Is í Michelle Nic Grianna a chur an clár i láthair agus is é Dónall Mac Ruairí a léirigh an clár. 

Bronntar Gradaim CLG Mhic Con Mídhe ar bhonn bliaintúil agus tugann sé aitheantas don sar-obair atá ag an Chumainn Lúthchleas Gael i réimsí na cumarsáide, caidrimh phoiblí agus na hiriseoireachta.

Bronnfar na Gradaim uilig ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh i Mí Dheireadh Fómhair.

Tá an láthreoir Michelle Nic Grianna ainmnithe le haghaidh gradam Pearsa na Bliana agus tá sí féin agus Damien Ó Donaill ainmnithe le haghaidh gradam Craoltóir Solabhartha na Bliana ag gradam Cumersáide an Oireachtais. 

Bronnfar na Gradaim Chumarsáide le linn Oireachtas na Samhna ag searmanas speisialta a bheidh ar siúl Céadaoin na féile, Samhain 1, 2023, san INEC i gCill Airne, Contae Chiarraí.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.