Search

06 Sep 2025

Cultúr, cruthaitheacht agus spórt chun tosaigh ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta

Cultúr, cruthaitheacht agus spórt chun tosaigh ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta

PICTIÚR: PEXELS

IS FÉIDIR le cuairteoirí ar an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta féachaint ar thairiscint spreagúil bhríomhar san Ollphuball Cultúir, Cruthaitheachta, Nuálaíochta agus Spóirt i mbliana, atá lonnaithe ag Bloc 3, Líne 23 laistigh de Shráidbhaile Rialtas Éireann.

Beidh seastáin taispeántais ag Éire Ildánach, Spórt Éireann, Fís Éireann agus Comhairle na bhForais Náisiúnta Cultúir san ollphuball, agus beidh foireann iomlán ann thar na trí lá chun fáilte a chur roimh chuairteoirí, agus an sár-obair a dhéanann siad agus na seirbhísí a chuireann siad ar fáil a léiriú. 

Beidh Spórt Éireann ann chun deiseanna éagsúla spóirt ar fud na tíre a chur chun cinn. Le faisnéis faoi Chomhlachtaí Rialaithe Náisiúnta, Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt, Conairí, agus bunachar sonraí Get Ireland Active atá le seoladh go luath, beidh foireann Spórt Éireann thar a bheith sásta labhairt faoi dheiseanna le bheith gníomhach in Éirinn.

Beidh seastán faisnéise tiomnaithe ag Fís Éireann, an ghníomhaireacht náisiúnta do thionscal na scannán, na drámaíochta teilifíse, na beochana agus na faisnéise in Éirinn, chun na hAcadaimh Náisiúnta Talainne a thaispeáint – tionscnamh atá bunaithe ar scileanna chun tacú le forbairt tallann cruthaitheach éagsúil agus bonn criú ar fud na tíre ag gach leibhéal.

Beidh baill foirne ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt agus chun faisnéis a sholáthar faoin raon leathan deiseanna gairmiúla atá ar fáil, chomh maith le béim a chur ar acmhainní, tacaí agus teagmhálaithe tábhachtacha.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.