Search

06 Sep 2025

Gearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2023 fógartha

Gearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2023 fógartha

D'FHÓGAIR An tOireachtas inniu (12 Meán Fómhair 2023) an gearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2023. Tá dhá chatagóir déag (12) ar chlár na ngradam i mbliana. Roghnóidh painéal moltóirí buaiteoirí na gcatagóirí éagsúla ach is ar bhonn vóta poiblí a roghnófar Réalta Óg na Bliana. Cuirfear tús leis an vótáil poiblí Dé hAoine, 15 Meán Fómhair 2023. Fógrófar buaiteoir Bhuaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2023.  

Déanann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ceiliúradh ar ardchaighdeán agus ar shár-iarrachtaí a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain. Tugann na Gradaim seo aitheantas do láithreoirí, léiritheoirí, iriseoirí, colúnaithe, aisteoirí agus lucht déanta clár raidió agus teilifís a bhfuil cion thar na bearta déanta acu i réimsí éagsúla meán le dhá mhí dhéag anuas.
 
“Tráth cinniúnach in earnáil na cumarsáide Gaeilge é seo agus tús curtha le ré nua don Ghaeilge anois go bhfuil an cainéal úrnua, Cúla4 tagtha ar an saol”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. Guím gach rath orthu siúd uile atá ar stiúir agus táim ag tnúth le cláracha uathúla ó réaltaí óga an chainéil.  

"Tréaslaím freisin leis na réaltaí atá ainmnithe inniu ar Ghearrliosta na nGradam Cumarsáide 2023.  Tá sárshaothar Gaeilge craolta le bliain anuas agus beidh aitheantas á thabhairt dó sin ag Ócáid Bhronnta na nGradam Cumarsáide ar Lá Samhna 2023, le linn fhéile an Oireachtais.”

Bronnfar na Gradaim Chumarsáide le linn Oireachtas na Samhna ag searmanas speisialta a bheidh ar siúl Céadaoin na féile, 1 Samhain 2023 san INEC i gCill Airne, Co Chiarraí.

Tá gach eolas maidir le himeachtaí uile an Oireachtais le fáil ar an suíomh ag www.antoireachtas.ie.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.