(Ó Chlé go Deas): Raimey O’Boyle, Izzy Tiernan, Faye Ní Dhomhnaill agus Dean Kenny (Chomhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe)
Inniu sheol Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe Aonach na bhfreisear, a bheidh ar
siúl ar an gcampas Déardaoin, an Meán Fómhair 21, idir 11am agus 3pm.
Is chun fáilte a chur roimh mhic léinn ar ais chuig an gcampas a reáchtálfar an ócáid, ag a mbeidh neart gníomhaíochtaí spraíúla, earraí in aisce agus duaiseanna ar fáil. Beidh stallaí bia ó
thrádálaithe mhargadh na Gaillimhe ann agus siopa le héadaí seanré.
Beidh málaí in-athúsáidte lán le 'Rudaí Áille,' earraí in aisce agus faisnéis do mhic léinn, á
dtabhairt amach ag Comhaltas na Mac Léinn freisin. Beidh cluichí ann, chomh maith
le go leor tairiscintí, duaiseanna agus féiríní ó ghnólachtaí i nGaillimh agus níos faide i gcéin.
Beidh Pictiúrlann faoin spéir an Chomhaltais, a mbíonn an-tóir uirthi i gcónaí, ar siúl Dé Máirt, Meán Fómhair 12.
Dúirt Dean Kenny, Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn: “Theastaigh uainn fáilte mhór a
chur roimh mhic léinn Ollscoil na Gaillimhe chuig an gcampas le haonach ollmhór do na
freisir. Tá go leor imeachtaí beartaithe againn an mhí seo do mhic léinn, bídís ag tosú amach
den chéad uair nó ag filleadh ar an ollscoil.
Dúirt Izzy Tiernan, Leasuachtarán de chuid an Chomhaltais/an tOifigeach Leasa agus
Comhionannais: “Deis iontach í an ócáid seo do na mic léinn bualadh le chéile, cairde a
dhéanamh, spraoi a bheith acu agus eolas a chur ar an gcampas. Táimid ag díriú arís ar an
inbhuanaitheacht lenár málaí in-athúsáidte lán le ‘Rudaí Áille’ agus leis an siopa éadaí
seanré”
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.