Search

06 Sep 2025

Garda Cósta na hÉireann ag impí ar dhaoine a bheith sabháilte ar an uisce

Cur tú fhéin ar an eolas maidir le rialacha sabháilteachta sula dtéann tú amach ag snámh nó i mbun spoirt ar bith an bháineann leis an uisce

Garda Cósta na hÉireann ag impí ar dhaoine a bheith sabháilte ar an uisce

De bharr go bhfuil aimsir the in Éirinn i láthair na huaire, tá Garda Cósta na hÉireann, Sábháilteacht Uisce Éireann agus an RNLI ag iarraidh ar an bpobal a bheith aireach faoina sábháilteacht phearsanta agus iad i mbun aon ghníomhaíochtaí a mbáineann le huisce.

Báthadh naonúr ar an mheán gach mí ar fud na tíre agus tá na heagraíochtaí ag impí ar an bpobal a bheith aireach ar an gcomhairle seo a leanas le linn na tréimhse teo reatha.

Iarrtar ar dhaoine gan snámh leo féin agus cinnte a dhéanamh go bhfuil duine inteacht a gcoimheád. Iarrtar ar dhaoine gan snámh ach in áiteanna a bhfuil aithe acu orthu. Deirtear chomh maith gur bhfearr snámh laistigh de do dhoimhneacht agus fanacht laistigh de do dhoimhneacht.

Beidh gardaí tarrthála ar patról ar thránna an bhrait ghoirm ar feadh an deireadh seachtaine. Iarr eolas áitiúil faoin áiteanna muna bhfuil aithne agat orthu agus tabhair aird ar aon chomharthaíocht sábháilteachta.

Coinnigh súil ghéar ar pháistí i gcónaí agus ná fág iad ina n-aonar in aice leis an uisce. Ná húsáid bréagáin inséidte in uisce oscailte mar go bhfuil an gaoth ábalta daoine a thabhairt ón gcladach go gásta.

Má fheiceann tú duine i dtrioblóid san uisce cur scairt ar na seirbhisí éigeandála. 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.