Baineadh buaicphointe amach inniu, nuair a seoladh an chéad chainéal Gaeilge riamh do dhaoine óga. Craolfar Cúla4 ar feadh 14 uair an chloig sa lá, ón 6 a chlog gach maidin go dtí a 8 a chlog gach tráthnóna. Beidh cainéal na ndaoine óga ar siúl ar Saorview - Cainéal 18, Cainéal 602 ar Virgin Media, Sky 624 agus Eir. Tacófar le Cúla4 ar líne freisin tríd an seinnteoir a bheidh ar fáil ar cula4.com agus ar Aip Cúla4.
Mar chuid den chainéal saorchraolta do leanaí, beidh raidhse siamsaíochta, drámaíochta, seirbhís nuachta do leanaí, meascán d’ábhar a léirítear sa bhaile agus seónna ann chomh maith le bheith ina fhoinse luachmhar d’ábhar oideachais Gaeilge.
Cuirfidh an cainéal nua, atá dírithe ar dhaoine idir 0-12 bhliain d’aois, pointe teagmhála laethúil siamsúil agus spraíúil leis an nGaeilge ar fáil do leanaí. Ar an gcainéal, beidh ábhar atá coimisiúnaithe as an nua ón earnáil léiriúcháin neamhspleách in Éirinn, chomh maith le beochan idirnáisiúnta ceannaithe, atá athghuthaithe go Gaeilge ag an earnáil neamhspleách.
Beidh seirbhís nuachta sé nóiméad ag an gcainéal ón Máirt go dtí an Aoine ag 1.30pm, a léireoidh Fíbín Media agus a bheidh á cur i láthair ag Aisling Ní Dhonnabháin agus Seán Ó Maoilchiaráin. Beidh daoine óg in ann coinneáil cothrom le dáta leis an nuacht is déanaí agus iad sa seomra ranga.
Is iad Seosamh Mac Seoin, (as Béal Feirste) a chlúdóidh sceideal na maidine ón 6am, Síle Ní Chonghaile (as Gaillimh) a chuirfidh an zón oideachais i láthair ón 9am agus Niamh Ní Chróinín (as Baile Átha Cliath) a bheidh i mbun sceideal an tráthnóna ón 3pm a bheidh lán le spraoi do na haoisghrúpaí níos sine, príomhláithreoirí an chainéil.
Is éard a dúirt Karina Feirtéar, Bainisteoir Chainéal Cúla4 “Lá stairiúil atá ann do TG4 agus don Ghaeilge. Cinntíonn cainéal nua Cúla4 go mbeidh teacht níos mó ag ár lucht féachana níos óige ar ábhar Gaeilge agus go gcuirfear tuilleadh leis an mbaint a bhíonn acu leis, ó tharla gurb iad an chéad ghlúin eile. D’fhorbair muid spás don lucht féachana le go mbeidh siad in ann taitneamh a bhaint as ábhar siamsúil nuair a thogróidh siad é, agus leanfaidh muid orainn ag cinntiú go ndéanfaidh muid ionadaíocht ar ár lucht féachana éagsúil chomh maith agus is féidir linn trí shaol daoine in Éirinn sa lá atá ann inniu a thaispeáint trí eispéireas spraíúil agus suimiúil- agus ag an am céanna iad a thumadh i dteanga bheo le go mbeidh siad in ann nithe nua a fhoghlaim faoin domhan thart timpeall orthu trí theanga a bhfuil cleachtadh acu uirthi.”
Luaigh Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont go gcreideann sé gurb é “an t-aon chúnamh is mó atá ag Éirinn i leith éagsúlacht dhomhanda ná an cumas atá aici an teanga a chur ar aghaidh ó ghlúin go glúin mar theanga bheo na mbailte agus na bpobal.
Sa chomhthéacs sin, tá tábhacht ó thaobh na staire ag baint leis an gcead a thug an tAire Catherine Martin cainéal Gaeilge ar leith do leanaí a bhunú. "Tá an Béarla le feiceáil i ngach áit sna meáin chumarsáide ar fud an domhain agus má tá an Ghaeilge fós le bheith ina teanga phobail amach anseo, ní mór do sheirbhísí do dhaoine óga TG4 a bheith feiceálach, fuinniúil agus tarraingteach chun caidreamh daoine óga leis na meáin chumarsáide Ghaeilge a threisiú agus trí sin an caidreamh atá acu leis an nGaeilge a chothú. Molaim Catherine Martin as an bhfís atá aici do thodhchaí TG4, gabhaim buíochas leis an Rialtas seo as an tacaíocht a thug siad agus gabhaim buíochas ó chroí le gach duine a d’oibrigh thar na blianta, laistigh de TG4 agus san earnáil chruthaitheach, chun an aisling sin a thabhairt chun fíre.”
Léiríodh i suirbhé náisiúnta a rinne Ipsos MRBI anuraidh go raibh tacaíocht shoiléir ag cainéal Cúla4 agus go raibh éileamh air. Aontaíonn 89% de na freagróirí nó aontaíonn siad go láidir go bhfuil sé tábhachtach don tsochaí go mbeadh cainéal do leanaí ar fáil i nGaeilge ar bhonn saorchraolta.
Chomh maith le bheith ag féachaint ar an gcainéal sa bhaile, cuirfidh cainéal nua Cúla4 ábhar tacaíochta ar fáil sna seomraí ranga. Go dtí seo cruthaíodh gur acmhainn Ghaeilge thábhachtach a bhfuil tóir uirthi é ábhar TG4 do bhunscoileanna ar fud na tíre.
Léiríodh i dtaighde neamhspleách a rinne RED C go mbíonn leas á bhaint go rialta as TG4 nó Seinnteoir Cúla4 sa seomra ranga ag 44% de na múinteoirí bunscoile, 80% de na múinteoirí i mbunscoileanna lán-Ghaeilge, agus 250,000 dalta bunscoile ar fud na hÉireann. Cuirfidh cainéal tiomnaithe Cúla4 ar chumas TG4 níos mó ábhar oideachais idirghníomhach a chur ar fáil le ceangail shoiléire leis an gcuraclam, chun spraoi a bhaint as an bhfoghlaim.
Tá tacaíocht mhór tugtha ag TG4 ó bunaíodh é in 1996 do thionscal na léiriúchán teilifíse i réigiúin na hÉireann. Treiseoidh agus feabhsóidh cainéal nua Cúla4 an tiomantas sin agus déanfar infheistíocht i léiriúcháin nua neamhspleácha. Tá conarthaí ilbhliantúla nó conarthaí sraithe aonair ag roinnt comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha in Éirinn chun ábhar do leanaí a léiriú lena dtaispeántar cúlraí éagsúla leanaí atá ina gcónaí ar fud na hÉireann agus go háirithe i bpobail Ghaeltachta agus pobail a labhraíonn Gaeilge.
Is le daoine óga na hÉireann agus leis na glúnta Gaeilgeoirí atá le teacht Cúla4.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.