Baill do na gardaí síochána
Tá comórtas poiblí fógraithe ag an nGarda Síochána chun corradh le 400 oifigeach cléireachais a fhostú in áiteanna ar fud na tíre.
Tá na róil ar fáil i raon réimsí ar nós achmhainní daonna, teicneolaíocht faisnéise, airgeadas agus soláthar, iniúchadh inmheánach, cumarsáid, taighde agus anailís, bainistíocht eastát, seirbhísí dlí agus leighis.
Áirítear leis na róil poist lánaimseartha, bhuana agus shealadacha. Cuirfear oiliúint iomlán ar fáil d’iarrthóirí rathúla.
"Is deis iontach é seo chun dul isteach inár líon méadaitheach d’fhoireann an Gharda Síochána a bhfuil ról tábhachtach acu i dtacú le comhghleacaithe oibriúcháin an Gharda Síochána chun daoine a choinneáil sábháilte,” a dúirt urlabhraí de chuid an Gharda Síochána.
Tá an fhoirm iarratais agus an leabhrán eolais ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla agus is féidir teacht orthu anseo ar shuíomh Gréasáin an Gharda Síochána, sé sin www.garda.ie.
Ar chríochnú an chomórtais, bunófar dhá phainéal agus leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm ar feadh tréimhse 2 bhliain ón tráth a cruthaíodh na painéil i dtosach.
Ní mór iarratais a chur isteach roimh 3i.n., Dé Céadaoin 20ú Meán Fómhair, 2023.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.