Tá sé fógartha ag Sinn Féin go dtabharfaidh an Teachta Martin Kenny, cuairt ar dháilcheantar Dhún na nGall amárach le haghaidh sraith cruinnithe a reachtáil maidir le cursaí iompair sa chontae.
Duirt urlabhraí Shinn Féin ar chumarsáid agus iompar, an Teacha Kenny, gur contae atá i nDún na nGhall atá fagtha ar lár ó thaobh infrastruchtúr de agus ó thaobh ceangal leis an chuid eile den tír.
Dúirt sé go bhfuil neamhaird á déanamh ar an chontae le blianta fada.
Dúirt sé go bhfuil sé rí-thábhachtach go ndéanfar tógraí leis an chontae a cheangal leis an chuid eile don tír.
“Tá siad thar a bheith tábhachtach freisin mar gheall ar na tragóidí bóthair a tharla sa tír seo le déanaí. Tugann sé chun solais arís an gá atá le bóithre maithe agus le naisc mhaithe iompair. Ar ndóigh, bhí a sciar féin de thragóidí bóithre ag Dún na nGall san am a chuaigh thart.
“Táim ag tabhairt cuairte ar an réigiún amárach chun eolas a fháil ón NRDO agus ó Chomhairle Contae Dhún na nGall maidir leis na tionscnaimh thábhachtacha 10 T agus ansin beidh mé ag bualadh le feachtasóirí iarnróid Dhún na nGall chun an tAthbhreithniú Straitéiseach Iarnróid Uile-Oileáin a phlé."
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.