Léiríonn figiúirí go bhfuair 125 duine bás ar na bóithre in Éirinn go dtí seo i mbliana, méadú de 25 ar an tréimhse chéanna anuraidh.
Dúirt Coimisinéir Cúnta an Gharda Síochána do Phóilíneacht Bóithre, Paula Hilman, go bhfuil 11 bás ar na bóithre le sé lá anuas “ar cheann de na seachtainí is tragóidí ar na bóithre le fada an lá.”
Duirt siad nár spriocanna iad na teorainneacha luais agus nach bhfuil iontu ach treoir agus mhol sí de dhaoine cursaí aimsire a thógáil san áireamh agus iad i mbun tiomána.
Dúirt sí go raibh breis is 1,700 duine ag tiomaint thar an treoir luais thar aon deireadh seachtaine saoire bainc agus ina measc súid bhí tiománaí amháin ag taisteal níos mó ná 200km/u.
Bhagair sí an athuair ar dhaoine gan tiomaint faoi thionchar drugaí nó ólachán agus d'iarr sí ar dhaoine claoí le rialacha an bhealaigh mhóir.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.