Search

06 Sep 2025

Méadú ar líon na dTD tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar ar na dáilcheantair

Méadú ar líon na dTD tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar ar na dáilcheantair

Ardóidh líon na dTeachtaí Dála ó 160 go 174 sa chéad olltoghchán eile

TÁ SÉ deimhnithe go méadófar líon na dTeachtaí Dála i nDáil Éireann go 174 sa chéad olltoghchán eile.

D’fhoilsigh An Coimisiún Toghcháin, Coimisiún Neamhspleách Toghcháin na hÉireann, a mholtaí don Oireachtas ar chomhdhéanamh dáilcheantair na hÉireann tar éis athbhreithniú cuimsitheach.

Beidh tionchar náisiúnta ag na moltaí sa tuarascáil mar go mbeidh athruithe ar beagnach gach teorainn atá ann cheana féin chomh maith le cruthú roinnt dáilcheantair nua.

Moltar sa tuarascáil go n-ardófar líon na dTeachtaí Dála ó 160 go 174 ag déanamh ionadaíochta ar 43 dáilcheantair sa chéad Dáil eile, suas ón 39 dáilcheantair atá ann faoi láthair.

Moltar go n-ardóidh líon na dáilcheantair trí shuíochán ó 9 go 13 agus go laghdófar líon na dáilcheantair ceithre shuíochán ó 17 go 15.

Sa chéad olltoghchán eile, 15, in ionad 13, a bheidh i líon na dáilcheantair cúig shuíochán.

Má ghlactar leis na moltaí, ní bheidh ach seacht gcinn de na dáilcheantair Dála reatha gan athrú ón athbhreithniú deireanach (an Clár, Corcaigh Thiar Theas, Dún na nGall, Baile Átha Cliath Láir, Ciarraí, Contae Luimnigh agus Port Láirge).


Léigh an tuarascáil iomlán anseo.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.