Search

06 Sep 2025

Déanann Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Comhghairdeas le daltaí na hArdteiste

Déanann Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Comhghairdeas le daltaí na hArdteiste

Torthaí na hArdteiste

Thréaslaigh Príomhfheidhmeannach Bord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall le daltaí a bhfuil torthaí na hArdteiste, na hArdteiste Feidhmí agus GCAT á bhfáil acu inniu.

Bainistíonn ETB Dhún na nGall 15 as na 27 iar-bhunscoil i gContae Dhún na nGall agus is páirtí iontaobhaí é le haghaidh na n-ocht bPobalscoil agus Scoil Chuimsitheacha sa chontae.

Ba í seo an chéad bhliain ó 2019 a raibh gnáththaithí ag scolairí agus iad ag dul i mbun na hArdteiste. De cuid mhór scolaraí atá a dtorthaí á bhfáil acu inniu, is é seo an chéad scrúdú Stáit a rinne siad de dheasca nach raibh siad in ann Scrúduithe na Sraithe Sóisearaí a dhéanamh de bharr shrianta na paindéime.

Dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh: “Ar son ETB Dhún na nGall, ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le beagnach 900 dalta a rinne an Ardteist, an Ardteist Fheidhmeach agus GCAT inár 15 iar-bhunscoil, leis na céadta a rinne na scrúduithe i bPobalscoileanna agus Scoileanna Cuimsitheacha an chontae agus leis an seisear dalta fásta Ardteiste ó Ionad Breisoideachais agus Oiliúna (FET) Leitir Ceanainn dár gcuid. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis na daltaí, tuismitheoirí agus daoine fásta as scoil ETB Dhún na nGall nó ionad FET a roghnú dá n-oideachas. Táimid thar a bheith bródúil as an iarracht chroíúil a dhéanaimid chun na caighdeáin is airde is féidir a chur ar fáil sa teagasc agus san fhoghlaim dár ndaltaí chun a ligean dóibh barr a gcumais a bhaint amach.

"Bíonn iarracht ollmhór i gceist ó na daltaí ar fad agus gabhaim buíochas lena dtuismitheoirí, a dteaghlaigh agus a múinteoirí a thacaigh leo agus a chabhraigh leo i rith an eispéiris iomláin. Guím gach rath ar gach duine a bhfuil iarratas á dhéanamh acu chun a staidéir a chur chun cinn nó a bhfuil sé i gceist acu dul caol díreach i bhfostaíocht.”

 Dúirt sí go raibh sé tábhachtach daltaí ar mhaith leo amharc an athuair ar a gcuid roghanna  comhairle a fháil ón réimse leathan foinsí atá ar fáil dóibh.

Chur sí i gcuimhne de scolairí go gcuireann Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall réimse leathan cúrsaí ar fáil: "Tá an-chuid deiseanna ann freisin tuilleamh agus foghlaim trínár Seirbhís FET."

Chuir sí in iúl freisin, “Do na daltaí sin a bhraitheann nár bhain amach na torthaí a bhí uathu amach, tá roinnt roghanna acu. Labhair ar dtús le do Chomhairleoir Gairmthreorach i do scoil nó i d'ionad - beidh siad in ann do roghanna a leagan amach, roghanna a bhfuil níos mó agus níos mó ag teacht chun cinn gach bliain. Cuireann ETB Dhún na nGall deiseanna foghlama ar fáil freisin trínár gclár Ógtheagmhála inár sé ionad ar fud na tíre do dhaoine óga atá idir 16-20 bliain d'aois nár oibrigh an Ardteist amach dóibh.”

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi chúrsaí breisoideachais agus oiliúna (FET) a chuireann ETB Dhún na nGall ar fáil ina Réamheolaire FET 2023-2024 nuafhoilsithe ar a shuíomh gréasáin anseo agus ar a aimsitheoir cúrsa suímh gréasáin www.donegaletb.ie/ fetcoursefinder. Is féidir eolas faoi gach réimse FET, lena n-áirítear printíseachtaí, a fháil sa rannán Míniú ar Chláir FET ar an suíomh gréasáin - https://www.donegaletb.ie/ further-education-training/ fet-programmes-explained/. Lean cuntais meáin shóisialta an ETB (Facebook, Twitter agus Instagram) chun an t-eolas is déanaí a fháil.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.