Search

06 Sep 2025

Cuireann an tAire Catherine Martin fáilte roimh fhoilsiú thuarascáil Grant Thornton

"Tá an Cathaoirleach tiomanta do chlár athchóirithe laistigh de RTÉ agus ina theannta sin, leanfaidh na Coistí Comhairleacha Saineolaithe a bhunaigh mé an mhí seo caite lena gcuid oibre tábhachtaí"

Cuireann an tAire Catherine Martin fáilte roimh fhoilsiú thuarascáil Grant Thornton

Ryan Tubridy ar chlár na Nollag

Chuir an tAire Catherine Martin fáilte roimh fhoilsiú thuarascáil Grant Thornton ó RTÉ ar an nganniontráil a rinne RTÉ ar na táillí a íocadh leis an láithreoir Ryan Tubridy do na blianta 2017 go 2019.

Leagtar béim sa tuarascáil ar easnaimh bhreise sa rialachas agus teip ar rialuithe agus próisis inmheánacha chuí laistigh de RTÉ.  

Dúirt an tAire gur labhair sí leis an Chathaoirleach agus gur leag sí béim ar an ngá atá le RTÉ gníomhú go práinneach chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin agus a chinntiú go gcuirtear próisis láidre i bhfeidhm gan mhoill.

"Tá sé seo riachtanach chun muinín a mbítear ag súil leis ó chraoltóir seirbhíse poiblí a athbhunú. Tá sé ríthábhachtach freisin go gcomhoibríonn RTÉ go hiomlán leis na Coistí Oireachtais atá ag scrúdú na gcúrsaí seo. Tá an Cathaoirleach tiomanta do chlár athchóirithe laistigh de RTÉ agus ina theannta sin, leanfaidh na Coistí Comhairleacha Saineolaithe a bhunaigh mé an mhí seo caite lena gcuid oibre tábhachtaí.

"Cuirfear cóip de thuarascáil seo Grant Thornton ar fáil don Choiste Comhairleach Saineolaithe ar Rialachas agus Cultúr ionas gur féidir leo a torthaí a mheas mar chuid dá scrúdú ar na struchtúir rialachais agus cultúr níos leithne laistigh de RTÉ, agus moltaí a thabhairt chun a chinntiú go nglacfar le dea-chleachtas." 

Cheap roinn an tAire Crowe Advisory Ireland chomh maith chun seirbhísí gairmiúla a sholáthar chun tacú le gach ceann de na Coistí Comhairleacha Saineolaithe. Leanann oifigigh an tAire de bheith ag tacú le hobair na gcoistí freisin.

 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.