Ní bheidh sé i bhfad go mbeidh íospartaigh atá ag éalú ó fhoréigin baile ábalta a bpá iomlán a fháil más rud é go gcaithfaí siad saoire a thógáil óna gcuid oibre.
Táthar ag súil go mbeifear ábalta seo a dhéanamh go hoifigúil, san Fhómhar, nuair a fhoilseofar rialacháin ina leagfar amach an ráta pá agus treoir d’fhostóirí, atá á bhforbairt faoi láthair ag Women’s Aid.
Dúirt an tAire Roderic O’Gorman go dtugann an saoire deis d’íospartach éalú ón bhfoiréigin agus fáil acu ar a n-ioncam.
Dúirt sé: “Tá sé tábhachtach gur féidir leo an tsaoire a ghlacadh gan a bheith buartha faoi a n-ioncam a chailleadh nó a bheith i mbaol. Is mór an cuidiú é seo a chinntiú go bhfaighidh siad a bpá iomlán."
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.