Chuir urlabhraí Gaeilge, Gaeltachta, Ealaíon agus Cultúir Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh TD, fáilte roimh chinneadh an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee glacadh lena chuid éilimh go mbeadh teidil Gaeilge amháin ag na heagrais nua póilíneachta bunaithe faoin mBille um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail 2023.
Dúirt an Teachta Ó Snodaigh:“Fáiltím roimh chinneadh an Aire McEntee gníomhú de réir briathar an Rialtais a gheall in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 teidil Gaeilge amháin a úsáid do eagrais nua Stáit.
“B’ait dúinn go raibh na Rannaí Rialtais fós ag foilsiú Billí agus teidil Béarla ar eagrais tar éis dóibh an cur chuige nua Gaelach a aontú i 2021, ach diaidh ar ndiaidh táimid tar éis athrú port a bhaint amach ón Aire Stáit Malcolm Noonan i gcás An Coimisiún Toghcháin, ón Aire Catherine Martin i gcás Coimisiún na Meán, agus anois i gcás eagrais póilíneachta a bhuí leis na hAirí McEntee agus Simon Harris a thug éisteacht dúinn ag Céim an Choiste."
Dúirt sé go gcabhraíonn teidil Gaeilge le feiceálacht na Gaeilge agus tuiscint a chothú sa phobal, chomh maith le féiniúlacht Gaelach an Stáit a threisiú. Seans gurb é An Garda Síochána an sampla is fearr den chur chuige seo – tuigeann gach duine cé hiad agus níl aon gá le leagan Béarla, ar sé.
“Anois beidh Bord an Gharda Síochána, An Grúpa Stiúrtha Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail, An Oifig Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail, An tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail, agus Oifig an Scrúdaitheora Neamhspleách um Reachtaíocht Slándála aitheanta faoi ainm Gaelach, chomh maith leis an tOmbudsman nua Póilíneachta nuair a shocraítear cén t-ainm le n-úsáid.
“D’fhéadfadh an tAire McEntee dul níos faide áfach. Bhí leasú eile againn ag moladh nach n-úsáidfear ach teidil Gaeilge go hoifigiúil do na gráid éagsúla sa Gharda Síochána amach anseo, ó Gardaí cúltaca, sáirsint agus ceannfoirt suas go leibhéal an Choimisinéara féin. Faoi láthair, níl ach na gráid Béarla luaite sa Bhille, agus níor thug an tAire aon mhíniú ar cén fáth nach raibh sí sásta glacadh leis an leasú seachas go raibh sé sa bhreis ar na dualgais atá uirthi.
Dúirt sé gur dearcadh Sinn Féin nó gur chóir go mbeadh an Rialtas réamhghníomhach ag tacú le hiarrachtaí stádas na Gaeilge mar phríomhtheanga oifigiúil an Stáit a chur chun cinn i ngach éarnáil. "Ba chóir go mbeadh muid bródúil as an nGaeilge agus ag iarraidh í a fheiceáil agus a chloisteáil ar fud na háite, go háirithe i gcomhthéacs oifigiúil agus muid ag cothú tuiscint agus úsáid na teanga
i ngnáthchomhthéacs an lae,” a dúirt sé.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.