Chuaigh Mná sa Cheannaireacht ar toscairecht go dtí an Bhruiséil ar na mallaibh. I measc an toscaireacht bhí ionadaithe ó Dhún na nGall, Gaillimh, Liatroim, Maigh Eo, Ros Comáin agus Sligeach. Bhí na ionadaithe sa Bhruiséil ar chuireadh ó Fheisire Eorpach de chuid Shinn Féin.
Duirt Chris MacManus: “Ba mhór an onóir agus pribhléid a bhí ann chun fáilte a chur roimh toscaireacht seo, Mná sa Cheannaireacht. Bhí cúpla lá thar a bheith spreagúil againn. Bhí sé iontach comhrá a bheith againn le na toscairí agus iad seo sa Bhruiséil."
Bhí go leor grúpaí pobail sibhialta ó cheann ceann na hIarthar agus an Iarthuaisceart ar an toscaireacht. Ina measc súid bhí Ghrúpa Mná Aremoja, Comharchumann Forbartha Pobail Inis Oírr, Seirbhís Gníomhaíochta Frithdhomhanda i gcoinne Dhíobhála Teaghlaigh, Ionad Seachtrach Gort, Gluaiseacht um Shaol Neamhspleách Éireann, Ionad Naomh Pádraig Dobhar, Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann, Ceardchumann Mandate, Refugee Book and SIPTU agus SIPTU (earnáil Oideachais Luath-Óige).
I rith an dhá lá ghlac an toscaireacht páirt i gclár oibre gnóthach. Bhí turas ag an toscaireacht do Pharlaimint na hEorpa chomh maith agus bhí comhra acu, le Chris MacManus FPE.
Ar an dara lá den toscaireacht, cuireadh béim ar cruinniú comhchéime i bParlaimint na hEorpa.
Tháinig an chomhdháil chun críoch le seisiún ceisteanna agus freagraí a thug deis de na hionadaigh ábhair ar leith a ardú dá n-eagraíochtaí agus dá réigiúin.
Dúirt MacManus: “Dhá lá an-ghnóthach a bhí ann a thug deis do gach ionadaí rud éigin a tabhairt go dtí an mbord. Tá na toscaireachtaí seo fíor-thábhachtach chun eolas a chur ar fáil domsa do mo chuid oibre i bParlaimint na hEorpa, agus rochtain dhíreach a thabhairt do ghrúpaí na sochaí sibhialta ó mo toghcheantar féin ar na hInstitiúidí Eorpacha.”
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.