Search

06 Sep 2025

Aistear trí cheol, trí chultúr agus trí litríocht na Gaeilge ar BBC

Aistear trí cheol, trí chultúr agus trí litríocht na Gaeilge ar BBC

An samhradh seo, beidh BBC Gaeilge ag tabhairt a lucht éisteachta ar aistear trí cheol, trí chultúr agus trí litríocht na Gaeilge le lear mór cláir, inneachar, agus craoltaí seachtracha úra ar BBC Sounds agus ar BBC Raidió Uladh/Feabhail.

Thar mhíonna an tsamhraidh, beidh BBC Gaeilge ag ceiliúradh an chuid is fearr de cheol traidisiúnta na hÉireann beo ag Fleadh Uladh, ag aimsiú nádúr uathúil na n-ocht ‘gCeathrú’ i mBéal Feirste agus ag leanúint aistear scríbhneoir óg agus é fiosrú an tráma idirghlúine tríd an scríbhneoireacht chruthaitheach.

Beidh sraith úr raidió de Trad ar Fad! ann ó Féile Idircheilteach Lorient fosta, chomh maith le sraith úr ceithre chuid ina mbeidh láithreoir úr ag díriú ar thraidisiún sin na hamhránaíochta ar an tsean-nós. Leanfaidh Blas Ón Taobhlíne leis ag coinneáil na mórscéalta go léir i saol an spóirt leis na héistoirí agus leanfaidh Blas Ceoil ar aghaidh i rith an tsamhraidh agus Caoimhe Ceol ag óstáil aoicheoltóirí. Cuirfidh an láithreoir Caoimhe Chats Ní Chathail sraith úr Blas: An Sár-Sheinnliosta inár láthair i mí Iúil, tráth a mbeidh sí ag fionnadh a sár-sheinnliostaí óna cuid aíonna. Fillfidh sí le sraith úr de Ceol sa Chroí i mí Lúnasa sula mbeidh an ceiliúradh 25 bliana ag Blas san Fhómhar.

 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.