Search

06 Sep 2025

Bronnadh Ó Chomhairle Chondae Dhún na nGall ar Phádraig Ó Baoighill

Bronnadh Ó Chomhairle Chondae Dhún na nGall ar Phádraig Ó Baoighill

B’a i Rann na Feirsde a rugadh Pádraig Ó Baoighill i 1932, mac do Bhidí Tharlaigh Phaidí agus Séamus Ó Baoighill as an Ardonn, Gaothdobhair. B’a lena uncail Peadar agus a aintín Gráinne a tógadh é i Rann na Feirsde.

Chuaigh sé go dtí Scoil Náisiúnta, Rann na Feirste i 1937, ar aghaidh go dtí Coláiste Adhamhnáin, Leitir Ceanainn i 1948-1952 agus ansin go An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i 1953-1954. Bhí a thuismitheoirí ag obair in Albain, ach thigeadh a mháthair na bhaile go minic.

I ndiaidh an Árd Teastas i 1952, chaith sé sé mhí ag obair lena athair i mBowling, Albain. Tháinig sé ‘na bhaile go Rann na Feirste ag Nollaig 1952 agus fuair Uachtarán, Coláiste Adhamhnáin, An tAthair Mac Giolla Uain, post dó mar mhuinteoir sealadach i Scoil Naisiúnta, Chnoc an Choilligh, Bun Crannacha. Bhain sé an-sult go deo as an tréimhse a chaith sé ann.

In 1953 fuair sé post le Gael Linn, agus d’fhreastal sé ar an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath chomh maith. I nDeireadh Fómhar 1954, ceapadh é mar Bhainisteoir Díolaíochta le Gael Linn i gCúige Uladh, go príomhá le cistíocht an eagrais a chur chun cinn. Chaith sé ceithre bliana déag ansin, ag am ab bhí achrannach go leor don fhoireann go léir le linn na dtriobloidí idir 1956-1962.

I 1959 pósadh é le Gearóidín Nic Fhir Léinn as Droichead Tuama. Ba oide scoile i gClochar Lughaidh, Baile Meanach, Contae Aontroma í Gearóidín. Bhí seachtar teaghlaigh acu - Bríd, Máire, Séamus, Caoimhe, Nuala, Liam agus Peadar.

I 1970 ceapadh Pádraig mar Bhainisteoir Forbartha le Gael Linn. Bhí sé i gceannas ar fhoireann díolaiochta don 32 contae sa tír agus in Albain fosta.
Ins na seachtóidí, ceapadh é chomh maith ar Bhord Stiúirtha agus ar Choláiste Roghnaireachta an eagrais. Bhunaigh sé Cabaret Gaeltachta Gael Linn a d’fhreastal ar Óstáin mhóra i dTír Chonaill sna seachtóidí. Bhí baint láidir aige le Muintir na Gaeltachta i mBaile Átha Cliath agus le Féile Dramaíochta i nDún Geannain, Contae Thír Eoghain.

Bhí an-suim aige san aclaíocht i gconaí agus bhí sé ar fhoirne an Clochán Liath, Na Rossa, Rann na Feirste agus Ciceam, Baile Átha Cliath. Le linn dó a bheith i mBaile Átha Cliath rinne sé mórán iriseoireachta. Scríobh sé ar chluichií gaelacha do irisí macasamhail Gaelic Sport, Gaelic World, Hogan Stand agus Gaelic Weekly. Bhi colúin Gaeilge aige ar feadh tréimhse san Irish Press dírithe ar Ghaeltacht Thír Chonaill. Scríobh se cuid mhór do Irisí Gaeilge mar An tUltach, Deirdre, Feasta, Comhar, Lá agus Inniu.

D’éirigh sé as a phost i nGael Linn i 1993 agus thosaigh sé ar scríbhneoireacht go lán aimseartha ansin. Foilsíodh a chéad dhá leabhair Óglach na Rosann agus An Coileach Trodach i 1994. Go dtí an lá atá inniu tá 24 leabhair foilsithe aige, an chuid is mó acu ón chomlacht foilsitheoireachta Coiscéim.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.