Beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag tabhairt aghaidh ar iarthar an Chláir ar Iúil 2 dá dturas bliantúil go Scoil Samhraidh Willie Clancy, agus beidh siad ag craoladh beo ón bhféile i Sráid na Cathrach ón Domhnach 2 Iúil go Déardaoin, Iúil 6.
Tá páirtnéireacht fad-bhunaithe idir an scoil agus RTÉ RnaG a théann siar go dtí 1973 nuair a cuireadh an fhéile ar bun, agus bhí RnaG i láthair gach bliain ó shin.
Tosóidh an craoladh i mbliana leis an gceolchoirm mhór sa halla Dé Domhnaigh ag 8pm, Ceiliúradh Ceoil.
Is í Neansaí Ní Choisdealbha a chuirfidh an ócáid i láthair agus orthu siúd a bheidh ar stáitse, beidh Muintir Mulcahy, Marian Curtin agus Therese McInerney, Joe de Georgeo, Mick O’Brien, Edel Vaughan, Bríd Ní Mhaoilchiaráin, Méabh agus Annie Smyth agus go leor eile.
Ansin, ón Luan beidh siad ag craoladh beo ón ródaí taobh amuigh de halla an phobail, i gcroílár an bhaile. Beidh an clár Ríl an Ródaí le cloisteáil ó 2.05pm pm go 4pm Luan go Déardaoin, agus beidh agallaimh agus ceol beo le cuid de na ceoltóirí is fearr sa tír le cloisteáil ar an gclár.
Is í Áine Hensey a bheidh sa chathaoir ó Luan go Céadaoin, agus is í Neansaí Ní Choisdealbha a chuirfidh an clár i láthair Déardaoin agus beidh pacáistí ag Pádraig Ó Sé dúinn.
Beidh agallaimh agus ceol beo le plúr na gceoltóirí, na n-amhránaithe agus na ngrúpaí ceoil sa traidisiún ag Neansaí Ní Choisdealbha dúinn gach tráthnóna freisin ó Luan go Céadaoin ag 7pm ar an gclár Ceol Binn ó na Beanna beo ón bhféile.
Beidh pictiúirí, físeáin agus neart ábhair eile ón bhféile le fáil ar mheáin shóisialta RTÉRnaG i gcaitheamh na seachtaine.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.