Search

06 Sep 2025

ÚnaG le tacú leis an Ard-Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán

ÚnaG le tacú leis an Ard-Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán

Tá sé fógartha ag Údarás na Gaeltachta go mbeidh siad ag tacú an athuair le maoiniú don Ard-Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán a reáchtálann an comhlacht Europus i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh.

Is cúrsa ardghairmiúil 6 mhí é an tArd-Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán, Leibhéal 8 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí, a reáchtáiltear ar an gCeathrú Rua i gConamara. Tá an cúrsa dírithe ar dhaoine ar mian leo a bheith ina n-aistritheoirí gairmiúla anseo in Éirinn nó in Institiúidí na hEorpa nó ar dhaoine ar mian leo a bheith ag obair in earnáil na Gaeilge. Cuirtear oiliúint ar mhic léinn i ngach réimse den aistriúchán agus de chruinneas teanga.

Ag seoladh Ard Dioplóma 2023/2024, dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta: “Tá fiúntas as cuimse leis an gcúrsa seo i bhfianaise éileamh mór a bheith ar aistritheoirí agus ar dhaoine le hardchumas Gaeilge, in Éirinn agus thar sáile. Mar gheall ar na hathruithe ar an reachtaíocht a bhaineann leis an nGaeilge, ag an leibhéal Eorpach agus anseo in Éirinn, tá deiseanna iontacha ag teacht chun cinn i dtionscal na teanga. Tá muid bródúil go bhfuil muid ábalta tacú leis an gcúrsa seo, a chuireann ar chumas phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge na deiseanna sin a thapú. Tá an pháirtnéireacht seo idir an comhlacht Europus, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh agus Údarás na Gaeltachta ag cur leis an soláthar aistritheoirí, aistritheoirí a bhfuil géarghá leo, má tá an ceart atá ag saoránaigh eolas a fháil i nGaeilge le comhlíonadh. Chomh maith leis sin, tá daoine a bhfuil togha na Gaeilge acu ábalta glacadh le postanna ar ardchaighdeán anseo sa mbaile agus ar mhór-roinn na hEorpa. Guíonn muid gach rath ar an rang a bheas ag tabhairt faoin gcúrsa i 2023. “

Dúirt Sinéad Ní Ráinne ó Europus: “Is mór againn an chomhpháirtíocht seo idir muid fhéin, Údarás na Gaeltachta agus Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, comhpháirtíocht a bhfuil rath uirthi le breis is scór bliain.  Ní raibh an oiread deiseanna riamh ann i dtaobh na Gaeilge is atá faoi láthair ach na scileanna teanga cuí a bheith ag duine.   Sealbhaíonn mic léinn an Ard-Dioplóma na scileanna sin agus ullmhaítear iad don saol oibre.  Tá muid ag súil go mór fáilte a chur roimh Rang 23-24.”

Dúirt Diarmuid Ó Conghaile, Ceannasaí na Roinne Turasóireachta, Oidhreachta, Teangach agus Éigse in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh: “Le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, agus saineolas Europus, táimid an-sásta an cúrsa a oscailt arís d’iarratasóirí don bhliain acadúil 23/34.  Tá an cúrsa seo ar an gcúrsa is fearr dá leithéid sa tír, agus an t-aon chúrsa dá shórt a chuirtear ar fáil sa Ghaeltacht. Tugann nádúr praiticiúil an teagaisc ar an gcúrsa, an taithí atá ag teastáil do mhic léinn chun gairm bheatha luachmhar a bhaint amach sa Ghaeilge fheidhmeach.”

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.